23.10.09

Tuam

Treoirlínte do Chomhairlí Tréadach

Bhí thart ar trí chéad nó níos mó i láthair ag seoladh oifigiúil de leabhair nua de chuid Árd-deoise Thuama (suíomh as Béarla), "Treoirlínte do Chomhairlí Tréadach" ag an Árdeaspag Micheál Ó Néaraí. Thárla sé san Ostán McWilliam Park i gClár Clainne Muiris ae an 22ú Lá Deireadh Fomhair 2009. Tháinig an slua, baill chomhairlí thréadach ó paróiste i ngach áird den deoise mór seo a síneann ó Acaill ó dheas go hÁrainn agus soir go dtí an Mór i gContae Ros Comáin.

Labhair an Ath Pádraig Ó Fearachair, atá ainmnithe ag an Árdeaspag mar "Acmhanaí" do na comhairlí thréadach. Mhínigh sé stair and cuir le chéile an lebhair agu chuaigh sé trén leabhair go tapaidh.

Tá fadhb ag an Árd-deoise, mar aon le gach deoise sa tír mar tá na sagairt ag éirí sean agus níl mórán fir óga ag teacht ina diaidh. Anois is ceart muintir sa paróiste, an eaglais ó ceart, Pobal Dé, seilibh a ghlacadh ar an paróiste. Beidh an-chuid paróiste gan ach sagart amháin ionta agus tá seans go mbeidh paróistí áirithe gan an sagart amháin ann. Tá gá le bheith ullamh dó san.

Is leabhair treoir anseo, tugann sé cúlra agus fís atá leis an comhairle seo. Tá comhairle ann ar conas daoine a earcú, faid tearma oifige na baill agus conas iad a thréanáil.

Tá dúshlán mór roimh pobal na hÁrd-deoise agus guí an Dr Néaraí gach rath agus beannacht ó Dhia ar an obair.

1 comment:

  1. Fadbh mhór gan dabht an easpa sagairt. Seans go mbeidh sagairt ag teacht cughainn ón Aifric a mhaslairt agus a tharlodh fadó nuair a bhí sagairt Éireannacha ag dul chun na hÁifrice chun an soiscéal a chraobhscaoileadh.

    ReplyDelete