29.10.09

Rith 2010

An chéad chéim eile

Seolfar RITH 2010, ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge ag ócáid cheiliúrtha mar chuid d'imeachtaí Fhéile na Samhna, Oireachtas na Gaeilge.


Is é seo an chéad uair go mbeidh an fhéile seo in Éirinn ach tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an "Korrika"(Suíomh i mBaiscis agus teangacha eile) á rith acu ó 1980, le breis is leath-mhilliún ag rith ann i 2009!
Thaistil baill de Choiste Stiúrtha RITH ar thuras staidéir go Tír na mBascach i mí an Mhárta 2009 le páirt a ghlacadh sa Korrika agus le comhairle a fháil ó lucht eagraithe an Korrika.

Dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Coiste Stiúrtha RITH, “Táimid an-sásta go bhfuil na heagrúcháin ag teacht ar aghaidh go maith agus líonra de dhaoine aonair agus eagrais éagsúla rannpháirteach san eagrúchán. Tá obair dhícheallach ar siúl ag an gcoiste le roinnt míonna anuas ag pleanáil na féile agus ag cruthú naisc lenár gcomhionainn i dTír na mBascach agus sa Bhriotáin.

“Tá an-áthas orainn as an méid tacaíochta atá faighte againn don togra go dtí seo. Chomh maith leis na heagrais Ghaeilge agus pobal atá ag tacú linn, tá Fáilte Ireland ag tacú leis an fhéile agus tá síol maoinithe ceadaithe ag Foras na Gaeilge don togra. Fógrófar ceapachán Bainisteoir RITH i rith mhí na Samhna, rud a chuirfidh dlús mór leis an obair atá déanta go dtí seo. Táimid ag súil go mbeidh RITH ar an gcéad chloch-mhíle mór eile in athbheochan na Gaeilge," arsa Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Caidrimh Phoiblí.

Ar an 10ú Márta 2010, tosóidh RITH 2010, an ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann, i mBéal Feirste le baitín sealaíochta ag athrú láimhe idir daoine/grúpaí reatha gach ciliméadar. Leanfaidh Rith 2010 ar aghaidh ar feadh seacht lá, gan stad, thar 1600km idir Ulaidh, Laighin, Mumhain, Connachta agus ag críochnú mar chuid de pharáid Lá Fhéile Phádraig ar phríomhshráideanna na Gaillimhe.

Beidh seastán ag Rith 2010 i rith Oireachtas na Gaeilge ón Déardaoin 29 Deireadh Fómhair go dtí tráthnóna Sathairn.

No comments:

Post a Comment