13.11.09

Leabhar spéisiúl

Ar ais chun na hAifrice!

Fuair muid cuireadh dul ag seoladh leabhar nua Frank Reidy, Iar-Cheannfort Airm agus craoltóir. Ní raibh fhios agam cén saghas ocáid a bheadh ann agus i ndairíre cheap mé go mbeadh sé beagáinín leadaránach. Leabhair eile taistil, nó bhfhéidir faoi polataíocht lofa acrannach ón Aifric.

Ach ní mar sin a bhí!

Bhí slua bhreá ann i leabharlann na Cheathrún Rua nuair a thosaigh Máirtín Mac Dhonnchadha ó Raidío na Gaeltachta ag caint. B'eiseann a bhí ann chun a leabhar "ó Chosta go Cósta" a sheoladh. Agus thug sé an léargas ar an leabhar agus ar dhearcadh an údair agus é ag dul i mbun pinn.

Níos mó ná rud ar bith eile is faoi daoine atá an leabhar seo, Daoine daonna. Daoine cosúil le muintir na hÉireann. Gáire, caoineadh, greanmhar, solúnta, drama, tá gach gné den saol ag léimt amach as an leabhar seo. Tá sé scríofa go simplí. Tá sé éasca le léamh. Tá bua speisialta ag an údar pictiúr soiléar a thabhairt i mbeagán focail.

    "Chuir Maureen, bean an tí, fáilte romham le sú mangónna. 'Fear mór thú bail ó Dhia ort,' a dúirt sí. 'Tá mé chun tú a athrú go seomra le leaba dúbalta. Ach an oiread liom féinbheadh leaba mhór níos áisiúla dhuit.' Níorbh fhadagur thit neal codlata orm sa leaba céanna!"

D'fhéadfá a bheith in gConamara ach cupán té in ionad sú mangóna a bheith a thairiscint aici!

Sa mbliain 1994 cuireadh go dtí oirthear na hAfraice é. Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe. Sa leabhar seo tugann sé cuairt an athuair ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus anró gan stad gan staonadh.

Mamó Obama
Frank Reidy le Mamó Obama

Seolann sé i ndabha timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe.

Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

Tá cuma slachtmar ar an leabhair seo. Déanta go deas néata, éasca le léamh. Mar aon leis sin tá bailiúchán deas griangrafanna ann a thóg Frank Reidy é fhéin a chuireann go mór leis an leabhair.

Is fiú go mór an leabhar seo a ceannach agus a léamh agus cóip de a thabhairt mar brontannas neamhghnách do Nollaig.

6 comments:

  1. Beidh sé ar mo líosta.Go raibh maith agat.

    ReplyDelete
  2. Cé a fhoilsigh agus cad tá air?
    Is maith go bhfuil grá agus gáire ann ach an dtuigfinn An Aifric ní b'fhearr i ndiaidh an leabhar seo a léamh nó an dtuigfinn Frank reidy ní b'ghearr?

    Fearn

    ReplyDelete
  3. Tá an leabhair se le fáil ó Chló Iarchonnachta. Brón orm nár luaigh mé sin sa bhlag!

    ReplyDelete
  4. Maith thú, as sin, a Readout!


    Fearn

    ReplyDelete
  5. Léarmheas ó Mhanchán Megan san Irish Times http://bit.ly/8ocVDm (Béarla)

    ReplyDelete
  6. Léigh mé an leabhar.
    Ní leabhar taistil a bhí uaim, ach leabhar "tuairisce". Ach i ndiaidh sin is uile, thaithnigh sé liom. tá stíl taithneamhach ag an reidyeach.

    Fearn

    ReplyDelete