28.7.10

Buíochas!

Fuair mé glaoch gutháin ó mo dheartháir go luath ar an Aoine seo chaite le nuacht ar thimpist a bhí ag ár máthair. Is cosúil gur thit sí agus bhris sí a cromán. Anois mar a roinn mé libh roimhe seo tá aois aon bhliain deag agus ceithre scór uirthi agus chomh maith leis sin tá an intinn, nó bfhéidir gur fearr a rá, a cuimhne, beagnach imithe ar fad. Tá fhios aici go bhfuil aithne aici orainn ach níl tuairim dá laghad aici cé muid!

Tógadh chuig Oispidéal Thamhlachta (Bearla) í ar timpeall a dó ar mhaidin Dé hAoine in otharcharr. Níor fágadh ró fhada san Aonad Timpistí agus Éigeandála ann agus ligeadh isteach i bharda taobh istigh de chupla uair a chloig. Bhí an cromán briste agus duairt na dochtúirí go raibh sé coitianta go leor mar thimpist agus nach raibh sé ró neamh-ghnach mar gnáthamh é a laigheas. An t-aon deachtaireacht a bhí ann ná nach raibh sí i ndán a thuiscint céard a bhí ar siúil, nó conas comhoibriú leis na saineolaithe len í fhéin a fheabhsú í ndiaidh an obráid.

D'éirigh go maith leis an obráid, buíochas le Dia, agus anois tá sí faoi churam an fhisiteiripeora. Tógfaidh sé tamall!

Táim á scríobh seo chun moladh mór a thabhairt don Oispidéal seo. Ní fhéadfadh na ailtirí, na duchtúirí, nó an foireann ar fad a bheith níos fearr, níos cinealta, níos tuiscine do mo mháthair nó dúinne, a clann. I ndairíre bhí íontas orainn tar éis an méid sin ghearáin a deintear faoin sheirbhís sláinte - agus chun an fhirinne a rá bhí an-eagla orainn mar bhí deachrachtaí againn le hoispidéal eile cupla bliain ó shin. Ach sin scéal eile.

Tá mé chun dul go Baile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine arís len í a fheiscint ach buíochas le Dia níl imní ar bith orainn faoin churam atá á thabhairt dí ag Oispidéal Tamhlachta.

Molaim iad.

No comments:

Post a Comment