12.7.10

Bás Sheáin


Bhí mé ar an mbus ó Bhaile Átha Claith inné nuair a rinne mé iarracht breathnú ar facebook ar an bhfón. Tá mo chuid méaranna ró-thuatach le daighleáil le HMI (Béarla = Human Machine Interface nó Idirphlé Gléas Daonnach?) ar an bhfón céanna. Ar an ocáid san d'éirigh liom.

Chonaic mé teachtaireacht ó duine de mo cháirde, Scott de Búitléar, ag rá "RIP Seán - Ar lámh dheis Dé a anam." agus nasc ann chuigh Nuacht 24 ar a raibh mír ann faoi bhás Sheáin Uí Leachtnáin, nó mar a ghlaotar níos minicí "Séan Dublin Bay Loftus!"

Fear lách, cúthaileach, ionraic, stuama, a d'oibrigh i gcónaí ar bhonn prionsabail. Rud annamh i gcúrsaí polataíocht i dtír ar bith. Cé gurb as Co Muigheó é d'éirigh leis dul ar Bhárdas Bhaile Átha Cliath agus caith sé 25 bliain ar sin bliain amháin acu mar Árd Mhéara (1995-6).

Bhí sé ar dhuine acu sin a bhí ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí timpeallachta, an t-am nach raibh a macasamhail faiseanta. Mar aon lena fheachtas fada ar son chosaint Chuain Átha Cliath bhrúigh sé ar rialtais cás láidir a dhéanamh ar son Rockall a bheith faoi smacht na hÉireann.

Déanaimís chomhbhrón lena bhean chróga Úna, agus an clann.

Ar dheis Dé go raibh an fear uasal seo.

No comments:

Post a Comment