Bhí mé amuigh ag tiomáint idir Baile Locha Riach agus Cathair na Gaillimhe dhá oíche ó shin. Bhí gealach lán an-gheal ann. Thosaigh sé ag báistí agus nuair a bhí an cioth thart - tá an-chuid muireannaí báistí again ag an tráth seo den bhliain - thug mé faoi dearadh go raibh tuar ceatha gealaí le feiscint go soiléar sa spéir ós ar gcionn. Chuala mé go raibh a leithéad de rud ann ar ndóigh ach ní fhaca mé ceann go dtí an oíche sin.
Se pictiúir de thuar ghealaí a fuair mé ar an idirlíon.
24.9.10
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Bhí mé ag ceapadh nach raibh bóithre mar sin agaibh thiar....
ReplyDelete- cé go gceapann an-chuid tiomáiní ar bhothar Chois Fharraige go bhfuil.....varoooooom
ReplyDelete@ 'cé go gceapann an-chuid tiomáiní ar bhothar Chois Fharraige go bhfuil.....varoooooom'
ReplyDeleteThug mé é sin faoi deara, a Chodú!
Ach, ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus 'tuar ceatha gealaí'. An rud is annamh is iontach!
Comhartha, b'fhéidir, go bhfuil gach rud i gceart i bhfad uainn...;-)