25.5.11

An dá Eilís agus an Ghaeilge!

An chéad leabhar clóite Gaeilge feicthe ag an mBanríon Eilís II i gColáiste na Trionóide (Béarla)
Eilís II ag éisteacht le Robin Adams.
Ar chúl a fear chéile, Iar Úachtarán Máire Mhic Róibín
agus Ruairí Quinn, Aire Oideachais.


Nuair a thug an Bhanríon Shasana Eilís II cuairt ar Choláiste na Tríonóide le linn a Cuairt Stáit ar Éirinn le déanaí, thaispeáin Leabharlannaí an Choláiste, Robin Adams, an chéad leabhar riamh a cuireadh i gcló i nGaeilge in Éirinn di. D’fhoilsigh John Kearney aibítear agus caiticeasma- Aibidil Gaoidheilge 7 Caiticiosma- sa bhliain 1571 ar chlóphreas a chuir an Bhanríon Eilís I ar fáil.

Rinne William Bedell (1571-1642), aistriúchán go Gaeilge ar an Sean Tiomna. Propast ar Choláiste na Tríonóide agus Easpag na Cille Móire a bhí ann ag amanna difriúla. Foilsíodh an saothar seo, in éineacht le haistriúchán ar an Tiomna Nua a rinne William Daniel (a d’éag i 1628). Tugadh “Bíobla Bhedell” ar an saothar ina iomláine.

Rinne Daniel, a ceapadh ina Ardeaspag ar Thuama é i 1609, aistriúchán Gaeilge ar an Book of Common Prayer freisin. Chlóigh John Francke an leabhar seo - Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann - sa bhliain 1608. Rinneadh aistriúcháin go Gaeilge ar eagráin eile de Leabhair na hUrnaí Coitinne ag amanna éagsúla ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí Bedell ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide, chuir sé iachall ar ábhair mhinistir ó chúlraí Gaelacha freastal ar léachtaí i nGaeilge, ar mhaithe leis an soiscéal a scaipeadh i measc na nGael.

No comments:

Post a Comment