18.5.11

Lá'n Phátrún - Féile Choilm Cille!

Tá na socraithe imeachta do Lá fhéile Cholmcille, Lá'n Phátrúin nó Lá an Tobar, mar a tugtar ar go h-áitiúil, ar an 9ú Meitheamh beagnach críochnaithe. Tá an lá seo á chomóradh leis na céadta bliain agus i mbliana déanfar caoimhniúchán ar an ócáid a bhíonn ar bun ar an mBánrainn, Baile na hAbhann, ar an dtrá. Tá dhá tobar ann, Bád Choilm Cille agus ansin sa tsean reilg tá Cloch na hOifreála ann. Tugtar cuairt ar an trí hionaid in rith an tráthnóna.

Bád Choilm Cille
Beidh stair an phátrúin le fáil, mar aon le léacht spioradálta chomh maith le turas naofa ar an dá thobar. Beidh an cóir áitíúil agus ceol eile ar bun ann freisin. Tá comórtas ealaíona agus scríobhneoireachta á reachtáil idir na scoileanna áitiúla, agus bronnfar na duaiseanna i rith an chomórtha.

Beidh taispeantáis caith cruití thuas ag ceann bhothair na Bánrainne - beidh sé seo oscailte don phobal agus go mór mór do dhaoine óga a bhfuil suim acu ann. Is sean-nós traidisiúnta é seo a bhaineann le Féile an Phátrúin. Beidh ceol traidisiúnta le ceoltóirí áitiúla ar bun an oíche sin sa trí theach ósta atá lonnaithe sa gceantar agus táthar ag súil go mbainfear taitneamh as an lá spioradálta agus sóisíalta seo.

Tá an clár iomlán le feiscint ar facebook.

1 comment:

  1. @ táthar ag súil go mbainfear taitneamh as an lá spioradálta agus sóisíalta seo.

    ...agus táimse ag súil go mbeidh aimsir mhaith agaibh don lá, a chara!

    ReplyDelete