24.5.12

Teach an Phiarsaigh! Geallúint eile?

Fuair mé ráiteas ar maidin a chuir ar bhóithre na smaointe mé.

"Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala ón Rialtas go bhfuil ionad do chuairteoirí le tógáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, i gCo. Na Gaillimhe." a thosnaíonn an ráiteas.

Is cuimhneach liom sé bliain ó shin - sea 2006! - d'eagraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig comóradh agus agóid ag an Teach fhéin ag éileamh go gcomhlíonadh gealtannais a thug an Aire ag an am, Éamon Ó Cuív, ceithre bhliain roimhe sin (agus b'fhéidir roimhe sin arís!) go dtógfaí Ionad Oidhreachta ag an láthar sin. Is mó idir sin agus seo!
Ag Teach an Phiarsaigh, 21 Aibreán 2006, Domhnach Chasca
Anois tá geallúint eile faighte againn.


Fuair an Seanadóir Ó Clochartaigh an t-eolas tar éis dó an cheist a ardú sa Seanad. I bhfreagra ó Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deimhníodh go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus má théann gach rud i gceart go bhféadfadh an t-ionad mínithe a bheith tógtha in am do chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916. 

‘Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir Ó Clochartaigh. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’.

Tá an togra dhá fhorbairt mar chomhfhiontar idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Comhshaol, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland (Béarla). Soiléiríodh go bhfuil sé ag staid réamhphleanála faoi láthair agus iarratas déanta ar chiste caipitil Fáilte Ireland chuige. Má eiríonn leis sin tá súil obair thógála a thosú i 2014 agus amscála de fiche mhí leagtha amach don fhorbairt. Tá sé beartaithe an ionad a bheith réidh le n-oscailt i 2016.

‘Bhí amhras ar chuid mhaith nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta, ach is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois. Ag comóradh na Cásca i Ros Muc i mbliana, d’iarr mé fein go dtabharfaí an togra chun cinn arís chomh tapaidh agus is féidir agus is maith an rud go bhfuil sé ar ais ar an gclár oibre. Bhí baint mhór ag pobal an cheantair agus na heagrais stáit éagsúla leis an gcoincheap don ionad agus cur chun cinn an phlean seo, a dhéanfaidh comóradh cui ar fhear a thug a shaol agus a anam ar son na hÉireann agus na rudaí a chreid sé iontú. Fear a raibh fís aige don tír a chaithfear a mhúscailt arís i gcomhthéacs ár linne’, a deireann Trevor.

Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4m sa bhliain a ghiniúint , bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.

Feicimíd!

No comments:

Post a Comment