16.2.13

Ardú meanma!


Rinne mé tagairt don earrach le deanaí nuair a roinn mé pictiúirí de sceathrag froig a bhí le feiscint i linn agus muid amach ag siúlóid seachtain ó shin. Inniú tá comhartha eile sa gharraí ós comhair an teach s'againne.

Lus an chromchinn cróga a tháining amach ar a chuairt bliaintúil chugainn. Túar eile dhóchas, ó thaobh aimsire de pé scéal é. Cuireann sé i gcuimhne dom mach mbeidh lá Lúis an Chomchinn ag linn i bhfad - an 22ú lá Márta 2013 i mbliaina. Seo lá ina bhailítear airgead ar son Chumann Ailse na hÉireann (Béarla) agus i mbliaina táid ag comóradh caoga ón gcéad lá a bhí ann i 1963.

Comhartha le ardú meanma a thabhairt do dhuine. Tá Dia láidir!




5 comments:

  1. Tá an nádúr láidir, agus beo beathach, a chara - tuar dóchais agus dea-aimsire, go deimhin..:-)

    ReplyDelete
  2. Mé tar éis a bheith ag cuardach plúiríní sneachta agus dáthabhaí (achainítí) geimhridh agus gan de thoradh agam ar an gcuardach ach buataisí (wellies) lán de shneachta.

    ReplyDelete
  3. (achainítí)= aconite, gan an 'h'.

    ReplyDelete
  4. Ní chreidim cé chomh tiubh is atá an sneachta ar an dtalamh agibh A Shéáin http://seano-thallisabhus.blogspot.ie/2013/02/an-hairicin-go-nuige-seo.html

    ReplyDelete
  5. Plúiríní sneachta agus dáthabhaí ag péacadh sna bólaí seo chomh maith.


    Fearn

    ReplyDelete