2.12.10

Hó! Hó Hó! 4 Leabhair NUA!!!

Daidí na Nollag ag dul comh fada le Cló Mhuigh Eó leis na leabhair álainn seo a fháil le dul ina mhála mhór. Scríobh chuige chun do chóip féin a chinntiú.

Ciara Chainteach         
Le María Boden    
Cailín deas, gealgáireach í Ciara agus is maith le gach duine í. Ach tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach!  Ansin, cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti… go fóill beag! 
ISBN 978-1-899922-68-0
€8.50 Lándaite    
Do léitheoirí 8+   


Bronntanais agus Féiríní Eile             
Le Áine Ní Ghlinn          
Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe... Faigheann Mamó luchóg bheag fáiscithe agus triomaithe mar bhronntanas ón gcat...
 Féiríní fíoraisteacha agus bronntanais bharrúla!
 Tuilleadh seoda fileata ó Áine Ní Ghlinn, léirithe go gleoite ag Carol Betera.
ISBN 978-1-899922-67-3
€8.00 Léaráidí D/B           
Do léitheoirí 8+           


Cad a Tharla Don Eolaí Óg?                              
 Le Liam Mac Uistín
Buachaill an-chliste é Alecs. Socráionn sé cur isteach ar Chomórta s Eolaí Óg na Bliana ach ní fada go bhfaigheann sé amach gur leacht ar leith atá déanta aige ! Is ansin a thosaíonn an spórt !Eachtra spleodrach eile ó pheann oilte Liam Mhic Uistín. Maisithe ag Martin Fagan.
ISBN 978-1-899922-69-7
€8.00 Léaráidí D/B 
Do léitheoirí 8-12


Cé Chomh Mór agus atá An Ghealach?                      
Le Heather Henning
 “Cé chomh mór agus atá an ghealach?”
 “An bhfuil an ghealach i bhfad ar shiúl uainn?”
Bíonn go leor, leor ceisteanna ag Cáit bheag do Mhamaí. Is cinnte go bhfuil dúil as cuimse aici sa ghealach mhór bhuí. Ach chun a cuid ceisteanna uilig a fhreagairt is gá di turas beag a dhéanamh! Maisithe ag Stephanie Longfoot.
ISBN 978-1-899922-70-3
€9.00 Lándaite
Do léitheoirí 7+

No comments:

Post a Comment