28.11.13

Drámaí an Phiarsaigh á gcur faoi bhráid glúine nua!

Is go ró déanach a fuair mé eolas faoin siomposiam seo atá le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath amárach.

Tá sé i gceist go spreagfaidh an siompoisiam idirnáisiúnta faoi dhrámaí Phádraic Mhic Phiarais léirithe nua ar a shaothar. 

Beidh scoláirí ag triall ó áiteanna ar fud na hÉireann, ón bhFrainc, ó Phoblacht na Seice agus ó Shasana chun aghaidh a thabhairt ar leáchtaí agus imeachtaí cultúrtha Pádraic Mac Piarais agus an Amharclannaíocht’, siompóisiam dátheangach a thabharfaidh aghaidh ar shaothar drámata an réabhlóidí cháiliúil agus a  bheidh ar siúl i gColáiste Phádraig , Droim Conrach an deireadh seachtaine beag seo (29-30 Samhain 2013).

Tá súil ag lucht eagraithe an tsiompóisiaim go spreagfar complachtaí drámaíochta gairmiúla agus aimitéaracha chun  tabhairt faoi léirithe ar dhrámaí an Phiarsaigh, drámaí a chuaigh i bhfeidhm ar lucht éisteachta fairsing céad uair a léirithe. 

Chuige sin, anuas ar an bplé scolártha, beidh  toise praiticiúil ag baint leis an gclár.  I meac imeachtaí na hAoine, beidh ceardlann le haghaidh aisteoirí agus léiritheoirí a stiúrú ag Colm Hefferon agus ceolchoirm speisialta ann le ceol agus amhráin ó na drámaí faoi stiúir Shíle Denvir, arna tionlacan ag íomhánna atá cóirithe ag Ciarán Ó Súilleabháin

Agus céiliúradh céad bliain an Éirí Amach na Cásca ag teannadh linn go tapaidh tabharfaidh an siompóisiam deis do scoláirí agus lucht ealaíne machnamh as an nua a dhéanamh ar an ngné dearmadta seo de shaothar an Phiarsaigh. Bhí an Piarsach sáite sa drámaíocht sna blianta beaga roimh an Éirí Amach. Chum sé agus chóirigh sé dramaí agus glór-réimeanna a leíríodh ina scoil féin, Scoil Éanna agus in ionaid mhórghradaim mar Theach an Ard-Mhéara, Páirc an Chrócaigh, (Jones Road mar a bhí) agus in Amharclann na Mainistreach. 

Bhíodh maithe agus móruaisle shaol an chultúir agus an náisiúnachais i láthair ag na léirithe, léithéid Yeats, Bulmer Hobson agus na deartháireacha Morrow agus thug go leor daoine a bhí chun tosaigh i saol cultúrtha agus polaitríochta na linne cabhair agus na drámaí á réiteach – ina measc seo bhí James Larkin (a chaith dúthracht mhór le poibliú glór-réimeanna Scoil Éanna an samhradh roimh an Lockout)  agus an banaisteoir cáiliúil Máire Nic Shiubhlaigh

Is féidir fís pholaitiúil an Phiarsaigh a rianadh ina chuid drámaí. Ach ní raibh an scéal ina dhubh agus ina bhán; thug dráma deiridh an Phiarsaigh The Singer, a bhí á chleachtadh sna seachtainí beaga roimh an Éirí Amach aghaidh ar mhoráltacht na reabhlóidíochta ach caitheadh in aer an dráma nuair a tháinig cúrsaí míleata chun tosaigh.

Deireann Róisín Ní Ghairbhí, atá  ag co-eagrú an tsiompóisiam i dteannta a chomhghleacaí Eugene McNulty:

“Táimid ar bís faoin gclár, a bhfuil idir scoláirí agus drámadóirí i gceist ann. Tá súil againn léárgais nua a aimsiú maidir leis na drámaí seo, a ligeadh i ndearmad ar feadh i bhfad. Cuirfidh lucht staire agus lucht litríochta araon suim sa siompóisiam agus beidh deis ag na daoine iomadúla a chuireann spéis sa drámaíocht agus sa chuid seo den stair idirphlé a dhéanamh le chéile.”

Is iad Brian Crowley,  Musaem na bPiarsach/OPW, údar Patrick Pearse: A Life In Pictures; Dr Elaine Sisson, IADT, údar Pearse's Patriots, St Enda's and the Cult of Boyhood; agus  Dr James Moran, University of Nottingham, údar Four Irish Rebel Plays na haoichainteoirí.



• Foilsíodh Patrick Pearse; Drámaí/Collected Plays, eagrán nua dátheangach  de dhrámaí an Phiarsaigh in eagar ag Róisín Ní Ghairbhí and Eugene McNulty ag Irish Academic Press (Béarla) níos luaithe i mbliana.  

• Tá tacaíocht ag an siompóisiam ó Fhoras na Gaeilge agus ó Choláiste Phádraig.


No comments:

Post a Comment