9.11.15

Réalta na Mara as Máigh Cuileann ag dul soir go Sofia!

Amhrán na hÉireann roghnaithe do Chomórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse ar TG4.

Thug cailín óg as Maigh Cuilinn i gConamar, an chraobh náisiúnta léi aréir. Seasfaidh sí an fód don tír seo nuair a ghlacfaimid páirt, den chéad uair riamh, sa gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse (Béarla) i Sofia na Bulgáire faoi cheann coicíse.

Aimee Banks (Pic TG4)
Is í Aimee Banks, 13 bliain, an t-amhránaí a roghnaigh na moltóirí aitheanta, Niamh Kavanagh, Brian Kennedy agus Stiofán Ó Fearaíl ag deireadh sraithe teilifíse inar ghlac 32 amhránaí páirt sa gcraobh náisiúnta. Réalta na Mara is teideal don amhrán buacach a chum Aimee i bpáirt le Niall Mooney, Jonas Gladnikoff agus Brendan McCarthy.

Bhí iomaitheoirí ann as gach ceard den oileán agus amhráin nua-chumtha Gaeilge acu, féachaint leis an gcraobh Éireannach a bhuachan ar dtús agus ansin dul chuig na babhtaí ceannais Eorpacha.

Leath-chúpla í Aimee, dalta sa dara bliain i gColáiste na Coiribe, Gaillimh. Is amhránaí cáiliúil í cheana féin agus gan í ach ag tús a ré.

Aimee Banks (Pic: America Protégé)
Bhuaigh sí an duais ab airde ón gcomórtas American Protégé le gairid agus beidh sí ar an ardán i Halla Carnegie i Nua Eabhrac, ceann de mhór ionaid ceoil an domhain, faoi cheann míosa, 19 Nollaig. Thug sí ocht gcraobh clasaiceach léi ón bhFeis Ceoil 2015, príomh-chomórtas ceoil clasaiceach na tíre agus tá duaiseanna, Amhránaí is Fearr agus sparánacht buaite aici freisin ó Fheis Cheoil Lártíre 2015.

Tá dlúthdhiosca eisithe aici, My Classical Spirit agus is d’Oispís Laura Lynn a thiomnaigh sí uaidh. Anois agus Craobh na hÉireann sa Junior Eurovision buaite aice, an chéad duine riamh a rinne an éacht seo, tá tuilleadh taistil roimpi mar go mbeadh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach a bheidh ar bun san Armeec Arena i Sofia na Bulgáire agus a bheo-chraolfar ar TG4 ar an Satharn 21 Samhain ag 6.30pm. Tá an Chraobh seo ar bun le trí bliana déag agus glacfaidh 17 páirt i gcomórtas na bliana seo.


No comments:

Post a Comment