Sheol an Coimisinéir Cosanta Sonraí, Liam Ó hÉacháin, a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2013 ar an Luain (12/5/2014). Amhail blianta roimhe seo, déanann an tuarascáil achoimriú ar ghníomhaíochtaí na hOifige le linn 2013 trí thagairt a dhéanamh d’imscrúduithe agus d’iniúchtaí sonracha faoinar tugadh mar aon le hachoimre ar shaincheisteanna beartais agus gníomhaíochtaí AE/idirnáisiúnta.
Thug mé spéis san píosa seo. Tár éis a bhreithiúnas ar a dúirt an Iar-Aire Dlí & Cirt faoin dTeachta Wallace is dócha go mbeidh daoine a tabhairt níos mó aire ar na teachtaireachtaí a thagann ón a oifig amach anseo. An mbeidh an cinneadh conspóideach agus costasach (€20m) ag an Aire Cumarsáide dleathach?
Seo mar a deireann tuairisc an Choimisinéara:
Chuaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i dteagmháil leis an Oifig seo maidir le postchód uathúil seacht gcód8 a leithdháilfear ar gach teach sa tír in 2015. Chuamar i dteagmháil leis an Roinn ar an tsaincheist seo in 2006 agus arís eile in 2010 nuair a léiríomar buairt thromchúiseach go bhféadfaí a mheas gurb ionann bunachar sonraí poiblí a rinne nasc idir cód le seoladh aonaid singil mhiondíola agus sonraí pearsanta áititheoirí an áitribh sin. I gcomhthéacs na hÉireann, cuid thábhachtach dá bhféiniúlacht é seoladh baile duine agus is é an dara píosa is tábhachtaí d’fhaisnéis phearsanta chun féiniúlacht duine a dhearbhú. Anuas air sin, i gcás teach teaghlaigh, d’fhéadfadh postchód nasc a dhéanamh le go leor daoine aonair i gcúrsa a ngníomhaíochtaí laethúla. Go bunúsach, sáraíonn an postchód uathúil seacht ndigit a bhfuil i gceist le “seoladh”, mar gheall, trí theicneolaíocht nua-aimseartha agus “Sonraí Móra” a úsáid, is furasta é a ghlacadh isteach in aon sórt gléis nó tacar sonraí leictreonaigh a d’fhéadfaí a úsáid do chuspóir ar bith, ar a uain sin, idir sheirbhísí Stáit agus saothrú tráchtála. Ina leith seo, léiríomar an bhuairt go bhféadfadh na tacair shonraí a dhéanfadh an postchód seo a dhearbhú faisnéis íogair faoi dhaoine aonair a shainaithint gan stró, ina measc siúd bheadh áiteanna sonracha ina bhfuil patrúin shonracha choireachta nó ghalair a shainaithint. Fíoraíodh an bhuairt thromchúiseach seo idir an dá linn, nuair a d’fhógair an tAire an 8 Deireadh Fómhair 2013 gur chomhaontaigh an Chomh-Aireacht le tabhairt isteach an chóid uathúil seacht ndigit do gach bosca litreach sa Stát faoi by 2015. Fostaíodh cuibhreannas a bhfuil Capita Ireland ina gceannas orthu9 chun an postchód nua a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a oibriú agus…
Níl an Oifig seo feasach ar conas a chinnteoidh an Cuibhreannas seo, i gcomhar leis an Roinn, go gcosnófar ceart an tsaoránaigh Aonair i leith cosaint (agus Príobháideachas) sonraí amach anseo tríd an bpostchód seo a úsáid. Go háirithe, cibé acu má dhéanfar an chosaint seo a imfhálú go reachtúil, ar nós a beartaíodh a dhéanamh maidir le haitheantóirí leighis seacht ndigit uathúla amhail a bheartaigh an Bille um Aitheantóir Aonair Sláinte, 2013 nó conas a bheidh comhlachtaí poiblí agus príobháideacha i gcomhlíonadh an Achta um Chosaint Sonraí, agus an Postchód seo á úsáid. Rinneamar fiosrúcháin ón Roinn chuige seo agus leanfaimid le hamhlaidh a dhéanamh, ar feitheamh soiléiriú iomlán maidir leis an mbealach a oibreoidh an córas postchóid i gcomhlíonadh na nAchtanna um Chosaint Sonraí. |
No comments:
Post a Comment