20.4.16

Tús buachach i nDún Garbhán!


Tús buacach do TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2016


Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag tús Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Bronnadh an Torc don Chlár Siamsaíochta is Fearr ar an tsraith Pioc do Ride, togra a ghin go leor poiblíochta agus beagán conpsóide freisin nuair a craoladh é.

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Bíonn dian-iomaíocht ann don duais sa rannóg seo gach bliain,” a dúirt sé “agus muid in iomaíocht le cláracha agus formáidí siamsaíochta ó chraoltóirí eile a bhfuil airgead níos mó agus acmhainní suntasacha ar fáíl dóibh”.

Formáid éadrom úrnua, 13 clár atá sa mbuaiteoir, ina mbíonn bean ag iarraidh a rogha fir a dhéanamh, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht óna ghluaisteáin agus a chumas mar thiománaí. Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach clár agus tar éis don bhean duine acu a roghnú, castar ar a chéile iad den chéad uair. Is ag an bpointe sin a thugtar rogha shuimiúil don fhear - dearbhán an bhuaiteora a chaitheamh ar bhéile don bheirt acu nó an t-airgead a chaitheamh ar ghluaisteán ionúin agus gan bacadh le béile, bean ná rómánsaíocht. Is í Áine Goggins an láithreoir agus David Clarke ón gcomhlacht neamhspleách El Zorrero Films a léirigh do TG4.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i nDún Garbhán 20-22 Aibreán.

@TG4TV @CelticMediaFest

No comments:

Post a Comment