8.12.15

Lasc ar na soilse!

Tárlaíonn sé gach bliain! Na *&@£# soilse!

Is san ailéar atá siad ó mí eanáir seo caite agus tá an áit sin an-fhuair agus dá bharr san tagann comhdhlúthú ortha chomh luath is a tógtar anuas. Mar sin ní ceart iad a thriál go dtí go mbeidh siad taghta go teocht an tseomra - cosúil le fíon dearg maith! Ach ar ndóig idir an dá linn is manglam téada agus bolgáin iad agsu ní mór iad a dhíriú amach.

Nuair a bhíomar níos óige bhí fhis ag cuile duine sa taighlach gan dul in aice le Daid an fhaid is a bhí sé ag obair ar seo!

I mbliana bhí an obair déanta istigh de leath uair a chloigh agus míorúilt na míorúilte bhíodar go léir ag obair agus ní raibh gá ag Daid gan ach cupla focail dána bog a rá!

Ta siad lasta anois, Tá an crann gléasta agus neart spás le San Níoclás a chuid fheiríní a fhágáil faoi.

Anois an mainséar a thógáil d'Iosagán.


2 comments:

  1. na soilse, na soilse... tuigim duit.

    ReplyDelete
  2. Molann an obair an ceardaí!

    Nollaig fá mhaise agat agus ag do chuid.

    Fearn

    ReplyDelete