28.12.15

Scéal na blaoisce - léiriú ar mhór-imircí isteach go hÉirinn!

Seiceamhú déanta den chéad uair ag eolaithe ar Ghéanóim ó Dhaoine as Éirinn Ársa

Tá seiceamhú déanta den chéad uair ag foireann géineolaithe as Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus ag seandálaithe ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar ghéanóim ó Éireannaigh ársa. Tugann an fhaisnéis ó na géanóim freagra ar cheisteanna ríthábhachtacha maidir le bunús mhuintir na hÉireann agus a gcultúr. 

Blaoisc Bhallynahatty
Fuarthas an bhlaoisc (cloigeann) seo i dochaltán in aice le Béal Feiriste sa bhliain 1855. Bhí sí faoin gcré le 5000 bliain agus anois tá sí in Olscoil na Ríona ann. (Daniel Bradley, Trinity College Dublin).
Athdhéanamha ar an mblaoisc le hÉlizabeth Black. Tá fhios óna cuid géinte go raibh gruaig dubh uirthi agus súile donn aicí. (Pic: Barrie Hartwell)
Rinne an fhoireann seiceamhú ar ghéanóm ó bhean ón ré luathfheirmeoireachta a chónaigh gar do Bhéal Feirste thart ar 5,200 bliain ó shin agus ar ghéanóim ó thriúr fear a mhair i ré níos déanaí, thart ar 4,000 bliain ó shin sa Chré-umhaois, tráth a raibh miotalóireacht ar bun. Déanfar torthaí an staidéir a fhoilsiú inniu san irisleabhar idirnáisiúnta Proceedings of the National Academy of Sciences, USA (Béarla)

Tá géinitic mhuintir na hÉireann fíor-spéisiúil.  Tá ceangal ag géinitic mhuintir na hÉireann le go leor grádán géiniteach san Eoraip agus inti tá an líon is airde ar domhan de na hathraithigh is cúis le hacmhainn lachtóis, an crómasóm den chineál Y ón Eoraip thiar chomh maith le roinnt galar géiniteach tábhachtach lena n-áirítear haemacrómatóis, a bhaineann leis an iomarca iarainn a bheith coinnithe sa chorp. 

Níl a fhios, áfach, cén bunús atá leis an oidhreacht seo.  An t-aon bhealach le heolas a chur ar ár stair ghéiniteach ná géanóim ó dhaoine ársa a sheicheamhú agus dul ar thuras ama géiniteach, más maith leat.

Is ábhar díospóireachta í an imirce i gcúrsaí seandálaíochta le fada an lá.   Níltear ar aon intinn an nósanna nua a glacadh go háitiúil nó an tionchar ó mhór-imircí isteach ba chúis leis na mór-athruithe in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór inar imíodh ó bhealach saoil a mbítí ag fiach agus ag cnuasach go dtí slí mhaireachtála bunaithe ar thalmhaíocht agus níos déanaí an t-athrú ó úsáid cloiche go húsáid miotail.  

Léiríonn na géanóim ó na hÉireannaigh ársa seo gur tharla imirce ollmhór isteach sa tír. Is as an Meánoirthear, san áit ar thosaigh talmhaíocht, a tháinig formhór shinsear an luathfheirmeora. Tá na géanóim ón gCré-umhaois éagsúil arís. Is ó Steip na Mara Duibhe thart ar aon trian do shinsear na bhfear. 

Dúirt Dan Bradley, Ollamh le Géinitic Daonra i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, a bhí i gceannas ar an staidéar, gur tháinig athrú mór ar ghéanóim san Eoraip sa Chré-umhaois mar thoradh ar imirce ó cheantar ó thuaidh den Mhuir Dhubh chun na hEorpa agus go raibh a shliocht fiú ar an oileán is faide siar san Eoraip. Dúirt sé freisin go mb’fhéidir gur tharla athruithe gaolmhara eile dá bharr agus go mb'fhéidir gur ar theanga a tháinig isteach atá na teangacha Ceilteacha bunaithe. 

Dúirt an Dr Eileen Murphy, Léachtóir Sinsearach le Seandálaíocht Chnámh in Ollscoil na Banríona Béal Feirste, go léiríonn an tionscadal seo an tábhacht atá le hanailís ar DNA ársa chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna ar ábhar spéise iad don lucht acadúil le fada, maidir le bunús na nÉireannach.

Gruaig dhubh a bhí ar an luathfheirmeoir agus bhí súile donna inti agus bhí sí níos cosúla le daoine ó dheisceart na hEorpa ach ba é a bhí sna hathraithigh ghéiniteacha sa triúr fear ón gCré-umhaois as Reachlainn ná crómasóm den chineál Y, an ceann is coitianta in Éireannaigh, ailléilí súl gorm agus an t-athraitheach is tábhachtaí maidir leis an ngalar géiniteach  haemacrómatóis. 

Tá an sóchán C282Y sin chomh coitianta i ndaoine de bhunadh na hÉireann gur 'an galar Ceilteach' a thugtar air uaireanta. Seo é an chéad uair ar sainaithníodh athraitheach tábhachtach galair sa réamhstair.


Dúirt Lara Cassidy, Taighdeoir PhD sa Ghéinitic i gColáiste na Tríonóide gur cosúla géanóim mhuintir na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige an lae inniu le géanóim na bhfear ón gCré-umhaois rud a thugann le tuiscint gur thart ar 4,000 bliain ó shin a tháinig tréithe lárnacha an ghéanóim Cheiltigh oileánda chun cinn.

No comments:

Post a Comment