14.9.16

Oireachtas Chois Fharraige - 16-15 Meán Fomhair 2016!


An deireadh seachtaine seo chugainn a bheas an fhéile chultúrtha, Oireachtas Chois Fharraige 2016, ar siúl agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach, 25 Meán Fómhair. Thart ar Indreabhán agus An Spidéal a bheas formhór na n-imeachtaí ar bun. Ar an gclár tá meascán de Cheol, Amhránaíocht, Damhsa ar an Sean-Nós, Drámaíocht agus Amhránaíocht.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17/18 Meán Fómhair, léireofar in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) don chéad uair ‘Éirí Amach Chois Fharraige’, seó ilmheánach atá scríofa go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain le comóradh a dhéanamh ar Chois Fharraige agus 1916, agus chomh maith leis sin, le ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin i 1966 agus ar an méid a baineadh amach ó shin.

Tuilleadh Eolais agus an Clár Iomlán Anseo.

Tá bileogaí leis an gclár iomlán ar fáil anois le piocadh suas i siopaí agus áiteanna poiblí i nGaeltacht Chonamara nó tré scéal a chur ag comoradh40@gmail.com, nó téacs ag 083 8649519. Agus is féidir an clár iomlán a íoslódail mar PDF Anseo.


Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé thart ar €25,000 é a chur ar bun. Tá urraíocht flaithiúil fáighte ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille aríst i mbliana, chomh maith le roinnt ó Údarás na Gaeltachta, ó TG4, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá beagán le tíocht ó Ealaín na Gaeltachta

Aisteach go leor, dhiúltaigh Oireachtas na Gaeilge aon urraíocht a chur ar fáil i mbliana, cé go bhfuil sé mar chúram ar an eagraíocht (faoin leagan amach nua ar na heagraíochtaí Gaeilge) a bheith ag tacú le féilte cultúrtha den chineál seo. Is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine atá an coiste. 

Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid don deireadh seachtaine a cheannacht roimhré, ar an bpraghas €25. Tá na ticéid ar fáil ó oifigí an Chomhar Creidmheasa ar an gCnoc agus ar an gCeathrú Rua, ó oifig Chomharchumann Sailearna sa tSeanscoil agus ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil. Is maith an luach airgid na ticéid chéanna mar go dtabharfaidh sé cead isteach saor in aisce do na himeachtaí uilig ar an gclár.

No comments:

Post a Comment