"A Chairde,
Bhí drogall orainn é seo a fhógairt chomh luath seo – ach bhí daoine ag fiosrú faoi (tá sibh an-eagraithe go deo!!) mar sin rinne muid an cinneadh an scéal a scaipeadh!
Sea, beidh muid ag tabhairt cúnaimh d’fhear na féasóige arís i mbliana…bí ag scríobh!!
Tuilleadh eolais thíos. Beidh bileoga á scaipeadh ar scoileanna Chonamara agus ceantar Gaeltachta Thír Chonaill an tseachtain seo chugainn. Déan teagmháil linn más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh go gcuirfeadh muid billeoga nó postaeir sa bposta chugaibh. Is maith le Santaí na litreacha Gaeilge!
Le buíochas
Sorcha agus an coiste."
| Litir chuig San Níoclás
Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh a thabhairt d’fhear na féasóige arís i mbliana agus na litreacha uilig ó ghasúir Chonamara (agus áiteanna eile ar fud na hÉireann agus na cruinne) a chruinniú le chéile agus a chur chuige, le go mbeidh sé in ann iad a fhreagairt i nGaeilge!
Ní gá do na gasúir ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo:
Litir chuig Santaí
F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe.
Bí cinnte Tuismitheoirí na Gaeltachta a scríobh ar an gclúdach litreach agus stampa a chur air lena chinntiú nach rachaidh an litir amú. Scríobh ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir freisin nó beidh mearbhall ar an bhFear Mór!
|
Bímís ag scríobh agus bí go maith!


Ní shílfinn go bhfuil sé ró-luath in aon chor a Eoin. Tá beirt sa tigh seo atá "ró-shean" don chéad uair i mbliana, agus tá a n-ordú tugtha acu cheana féin dom.
ReplyDelete