30.10.16

Crith talún!

Rugadh Naomh Benedict i Norcia na hIodáile sa bhliain 480. Thárla crith talún láidir sa bhaile sin ar maidin agys leagadh an chuid foirgintí sa cheantair.
Mar a bhí

Ina measc tá Baisleac N. Benedict agus is beag ná gur leagadh go talamh é (Iodáilis). Is cuid de mainistir é ach tuairascaíodh nár gortaíodh éinne de na manaigh ann.
Mar atá anois

Ar ndóigh tá níos mó cáil ar a mhainistir ar bharr cnoic Monte Cassino a leagadh i rith an dara cogadg domhanda ag na Meiriceánaigh. Deirtear go ndúirt Uachtarán Mheiriceá ag an am nuiar a dúradh leis faoin damáiste go léir.  "Ná bíodh imní oraibh, tá bricí againn is féidir linn é a aththógáil!"


No comments:

Post a Comment