28.3.18

Feachtas chun phardúin a fháil. #MamTrasna

Cuirfidh mórscannán nua faisnéise drámaíochta atá le craoladh ar TG4 faoi dhúnmharuithe i Mám Trasna in 1882 dlús le feachtas, a bhfuil tacaíocht aige ón Uachtarán Michael D. Higgins, le pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do na fir a crochadh nó a cuireadh chun príosúin san éagóir.
"The law must take its course!" - Cábla Fear Ionad Bhanríon Shasana  - 15 Nollaig 1882 sa Viceregal Lodge.
Pardún iarbháis tugtha ag Uachtarán na hÉireann do Mhaolra Seoighe - 4 Aibreán 2018 in Aras an Uachtaráin.
Seán Ó Cuirreáin a leagadh bláthfhleasc ag
suíomh an uaigh in a cuireadh iad siúd a crocadh
i nGaillimh 2012
Seán Ó Cuirreáin, iriseoir as Tír Chonaill agus an t-iarChoimisinéir Teanga, i mbun feachtais, a bhfuil tacaíocht aige ón Uachtarán Michael D. Higgins, le pardún i ndiaidh a mbáis a fháil do na fir a crochadh nó a cuireadh chun príosúin san éagóir faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna in 1882 agus is cinnte go gcuirfidh an mórscannán nua faisnéise drámaíochta faoi ar TG4 dlús leis an bhfeachtas sin.

I bhfadscannán faisnéise drámaíochta Murdair Mhám Trasna, atá le craoladh ar TG4, ag 9.30pm, an 4 Aibreán, tugann an tUachtarán Michael D. Higgins le fios go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas chun an cás a scrúdú le súil is pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do Mhaolra Seoighe agus do na fir eile a ciontaíodh san éagóir sna dúnmharuithe stairiúla seo.

Bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’ a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga agus iar-iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Seán Ó Cuirreáin, as Gort an Choirce i dTír Chonaill, atá Murdair Mhám Trasna. I measc na rannpháirtithe sa chlár tá an tAbhcóide Sinsearach Luan Ó Braonáin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, daoine muinteartha na ndaoine a bhásaigh agus neart eile.

Dúirt an tUachtarán Higgins go bhfuil sé ag súil tuairim an tsaineolaí seo a fháil chomh maith le comhairle an Rialtais ar cheann de na hiomraill ceartais is mó le rá i stair dlí na Breataine agus na hÉireann.

“Fillfidh mise ansin, ag an tráth sin”, a deir sé “go bhfeicfidh mé céard a bheidh mé in ann a dhéanamh. Dá mba fúmsa a bheadh sé, gan na foirmiúlachtaí san áireamh, bheinn sásta glacadh leis gur cheart aitheantas a thabhairt don éagóir a tharla. Is é mo thuairim gur léir an cheist mhorálta i gceist.

“Bhí na nithe ar fad a thit amach ó thaobh an stáit de uafásach. Bhí breabaireacht i gceist. Ní bhfuair na cúisithe aon seans ceart iad féin a chosaint. Ní raibh aon chomhionannas ná aon chothroime ag baint leis na córais dlí ag an am sin”.

Murdair Mhám Trasna, bunaithe ar scéal uafásach i stair na hÉireann, dúnmharú a rinneadh in 1882 ar chúigear den teaghlach céanna i mbaile uaigneach Mhám Trasna in Iarthar na hÉireann.

D’fhreagair údaráis na Breataine go pras agus go géar agus ciontaíodh daoine san éagóir, crochadh cuid acu agus cuireadh cuid eile i bpríosún mar thoradh ar fhianaise bhréige agus ar bhreabaireacht.
“One of the most blatant miscarriages of justice in British legal history” an cur síos a rinne an staraí iomráiteach as an mBreatain, Robert Kee, ar an scéal.

De réir mar a tháinig sé chun cinn go raibh éagóir déanta agus a admhaíodh sna páipéir náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an am gur tugadh mionnú éithigh, dhiúltaigh rialtas Gladstone, ina dhiaidh sin féin, fiosrúchán poiblí a bhunú agus bhí sin ar cheann de na cúiseanna ar thit rialtas Westminster in 1885.
Ní bhfuair siadsan a ciontaíodh san éagóir aon phardún ó na húdaráis riamh ach d’fhéadfadh mar thoradh ar an bhfadscannán seo go bhfuiltear ag teannadh níos gaire dó sin anois.

• Tá Murdair Mhám Trasna roghnaithe le dul san iomaíocht thar ceann na hÉireann sa chatagóir staire ag Féile na Meán Ceilteach. Is comhlacht léiriúcháin as Gaillimh, ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

• Tabharfar cuntas beacht ar na nithe a thit amach nuair a chraolfar Murdair Mhám Trasna an 4 Aibreán ag 9.30pm ar TG4.

Breis eolais faoin leabhair, léarmheas pearsanta ar an scannán agus nithe eile  le fáil anseo.

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882. (Samhain 2012)
Tá suíomh faoi leith tógtha don gComóradh i 2012 le fáil anseo: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil.

• Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna! (Eanáir 2013)
• Scannán fáisnéise ar "Éagóir!" (Meitheamh 2016)
• Géileadh don dlí - cóir nó éagóir! (Iúl 2016)
• Cearta ar deireadh? (Samhain 2017)
• Slua don Éagóir! (Feabhra 2018)


@PresidentIRL @BAItweets @ROSGtv @tg4

No comments:

Post a Comment