Showing posts with label CLG. Show all posts
Showing posts with label CLG. Show all posts

10.3.17

Laochra!

Is i bPáirc an Chrócaigh, ionad go leor de na héachtaí atá á gceiliúradh sa tsraith, a sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail an séasúr nua Laochra Gael tráthnóna. Tá meas agus gean ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha ar fad ar an tsraith seo ina dtugtar cuntas ar éachtaí imeartha mór-imreoirí peile agus iomána le leathchéad bliain anuas.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.

Cuirfear suim ar leith sna cláir sa tsraith nua mar go dtugtar chun cuimhne roinnt imreoirí a thuill cáil agus meas ar leith lena linn:

  • Dónal Óg Cusack, cúlbáire cróga iomána Chorcaí, 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm).
  • Cliodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Áth Cliath, 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm).
  • Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide le hiománaithe Chill Chainnigh ina ré órga ag tús an chéid seo, 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)
  • Dara Ó Cinnéide, naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach Ciarraíoch, 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm).
  • Na deartháracha cáiliúla Lowry as Uíbh Fhailí, 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm).
  • Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)
  • Pete Finnerty cosantóir crua sciliúil iomána as Gaillimh, 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm).
  • Seánie McMahon, crann taca stuama cruinn le hiománaithe an Chláir, 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm).
  • Owen Mulligan, naoscaire lúfar le peileadóirí Thír Eoghain,17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm).
  • Pat Fox, tosach a bhris croíthe an fhreasúra go mion minic lena chruinneas. 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm).
Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhad-bhunaithe seo. “Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shár-scil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite, agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sár-thaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” 

Dheimhnigh an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo, an cúigiú ceann déag ag Laochra Gael. “Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo,” a dúirt sé, “agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réalta seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Is é an comhlacht aitheanta neamhspleách NemetonTV (Béarla) a léiríonn an tsraith seo do TG4, comhlacht a sholáthraíonn go leor de chlúdach spóirt an chainéil.

@TG4 @sporttg4 @nemetontv @officialgaa @beo_clg

29.1.13

Is mór an spórt é! TG4 san earrach!


CLUICHÍ GAELACHA  EARRACH 2013

DÉ DOMHNAIGH 3 FEABHRA (1:30pm)
Sraith Náisiúnta Peile Allianz, Babhta 1
Beo Maigh Eo v Ciarraí Roinn 1
Iarchraolta: Gaillimh v Doire, Roinn 2

DÉ SATHAIRN 9 FEABHRA (1:30pm)
Craobh Club AIB: Iomáint: Cluichí Leath-Cheannais na hÉireann
BEO: Sáirséalaigh Dhurlais v Cill Chormaic/Cill Eochaidh
BEO: Naomh Tomás v Seamróga Loch gCaol

DÉ DOMHNAIGH 10 FEABHRA (1:30pm)
Sraith Náisiúnta Peile Allianz, Babhta 2
BEO: Ciarraí v Áth Cliath
Iarchraolta: Maigh Eo v Tír Eoghain

DÉ SATHAIRN 16 FEABHRA (1:30pm)
Craobh Club AIB: Peil Cluichí Leath-Cheannais na hÉireann
BEO: Na Crócaigh (Ciarraí) v Cicam Bhaile Munna
BEO: Naomh Bríd v Raonaithe na Croise

DÉ SATHAIRN 23 FEABHRA (2:45pm)
BEO: Corn Mhic Shigir Irish Daily Mail: Cluiche Ceannais

DÉ DOMHNAIGH 24 FEABHRA (1:30pm)
Sraith Náisiúnta Iomána Allianz, Babhta 1, Roinn 1A
BEO: Gaillimh v Cill Chainnigh
Iarchraolta: An Clár v Port Láirge

DÉ SATHAIRN 2 MÁRTA (2:15pm)
BEO: Corn Mhic Giobúin Irish Daily Mail: Cluiche Ceannais

DÉ DOMHNAIGH 3 MÁRTA (1:30pm)
Sraith Náisiúnta Peile Allianz, Babhta 3
Beo & Iarchraolta

DÉ DOMHNAIGH 10 MÁRTA
Sraith Náisiúnta Peile Babhta 4 agus Sraith Náisiúnta Iomána Babhta 2

AOINE 15 MÁRTA
GAA Gradam an Uachtaráin, Beo ó Pháirc an Chrócaigh,

DÉ SATHAIRN 16 MÁRTA
Peil na mBan: Corn Uí Chonchúir - Beo

DÉ DOMHNAIGH 17 MÁRTA
Craobh AIB Cluichí Ceannais hÉireann Beo ó Pháirc an Chrócaigh.

DÉ LUAIN 18 MÁRTA
Sraith Náisiúnta Iomána Allianz, Babhta 3

DÉ DOMHNAIGH 24 MÁRTA
Sraith Náisiúnta Iomána Allianz Babhta 4, Sraith Náisiúnta Peile Allianz Babhta 6

DÉ DOMHNAIGH 31 MÁRTA
Sraith Náisiúnta Iomána Allianz, Babhta 5

DÉ SATHAIRN 6 AIBREÁN
Craobh Iomána na Scoileanna Dara Leibhéal: Cluiche Ceannais na hÉireann

DÉ DOMHNAIGH 7 AIBREÁN
Sraith Náisiúnta Peile Allianz, Babhta 7

DÉ SATHAIRN 13 AIBREÁN
Craobh Peile Scoileanna Dara Leibhéal: Cluiche Ceannais na hÉireann

DÉ DOMHNAIGH 14 AIBREÁN ]
Sraith Náisiúnta Peile Allianz –Cluichí Leath-Cheannais (Roinn 1)

DÉ SATHAIRN 20 AIBREÁN
Craobh Peile faoi 21 Cadbury: Cluiche Leath-Cheannais na hÉireann

DÉ DOMHNAIGH 21 AIBREÁN Sraith Náisiúnta Iomána Allianz – Cluichí Leath-Cheannais

DÉ SATHAIRN 27 AIBREÁN Sraith Náisiúnta Peile Allianz Cluichí Ceannais (Roinn 3 agus 4)

DÉ DOMHNAIGH 28 AIBREÁN Sraith Náisiúnta Peile Allianz Cluichí Ceannais (Roinn 1 agus 2)

DÉ SATHAIRN 4 BEALTAINE Craobh Peile faoi 21 Cadbury: Cluiche Ceannais na hÉireann

DÉ DOMHNAIGH 5 BEALTAINE
Sraith Náisiúnta Iomána Allianz Cluiche Ceannais

DÉ SATHAIRN 11 BEALTAINE Peil na mBan Cluichí Ceannais na Sraithe (Roinn 1,2 & 3)


BEALTAINE 31 – MEITHEAMH 3 Comórtas Peile na Gaeltachta, An Rinn, Co Phort Láirge
Séasúr nua Peile agus Iomána ar TG4  - Earrach 2013

Tá a liosta cuimsitheach cluichí Gaelacha dréachtaithe agus foilsithe ag TG4 anois do shéasúr an Earraigh agus tús le cur leis ón Domhnach seo chugainn lena chlúdach leitheadach ar na comórtas club, contae agus coláistí ar fad as seo go tús an tSamhraidh.

Is ar na Sraitheanna nua Allianz agus ar bhuaic na gCraobh Club a bheidh an bhéim as seo go Cáisc ach tá neart eile ar fáil freisin sa liosta fada cluichí a bheith le feiceáil ar TG4. (Féach na sonraí thíos).

Tabharfaidh GAA Beo beochlúdach agus iarchraoladh ar dhá chluiche gach Domhnach ag tosú leis an tSraith Peile Allianz ar an Domhnach seo chugainn (3 Feabhra) le peil den scoth sa gcluiche idir Maigh Eo agus Ciarraí agus an cluiche eile idir Gaillimh agus Dore.

Ar na comórtais a bheith ar fáil go heisiach ar TG4 as seo go Bealtaine, beidh

- Craobh Club AIB
- Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána Allianz
- Craobh Peile faoi 21 Cadbury
- Coirn Mhic Shigir agus Mhic Giobúin Irish Daily Mail (Ollscoileanna)
- Peil na mBan (Sraith agus Ollscoileanna)
- Craobhacha Iomána agus Peile na Meánscoileanna

Sa mbreis ar an mbeochraoladh ar GAA Beo, gach deireadh seachtaine, beidh súil chun cinn gach Aoine ar Seó Spóirt le Dara Ó Cinnéide agus a aíonna agus buaicphointí imeartha gach oíche Luain ar GAA 2013.

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha go mbeidh féasta peile agus iomána ar fáil don lucht féachana feasta.

“Faoin tráth seo bliana a thagann géarú goile ar lucht leanta na hiomána agus na peile,” a dúirt sé “agus muid ar fad ag féachaint romhainn le dóchas ar shéasúr nua agus ar síol a cuirtear le súil go mbláthfaidh sé níos deireanaí sa mbliain. Beidh súil lucht feasa ar scáileán TG4 gach deireadh seachtaine, féachaint cén bhail atá ar an na himreoirí anois tar éis sos na Nollag agus iontais (ag uafáis) na bliana seo ag dul i ndearmad."