Lus míonla goirt |
Dár liom tá an-mhíthuiscint ar an gcás fhéin agus má tá firinne ar bith sa tuairisc a thug a fear, tá an-cheist le freagairt. Cén fáth gur diúltaíodh cóir leighis ceart a thabhairt don bhean seo agus a leanbh?
Tá sé easca orainn, nach raibh ann, breithiúnas a thabhairt ach sílim go bhfuil "Lucht an ginmhilte" agus "Lucht Frith-Ghinmhilleadh," ag dul thár fóir leis. Tá an-chuid ag déanamh ceangal leis an gcás cáiliúil "X". Ní dóigh liom go bhfuil ceangal ar bith leis sin. Tá an ceangal sin ag ceapadh gur ginmhilleadh a bhí ón gclann, agus bfhéidir gur usáid siad an focal Béarla "abortion" ach tá mé ag ceapadh gur focal eile a úsáid siad, an focal "terminate the pregnancy." Sa Ghaeilge áfach is féidir an difir a fheiscint go soiléar. Rud a thug síciatraí le fios ar chlár ar Raidío na Gaeltachta cupla lá ó shin. Bhí alt maith (Béarla) ag Breda O'Brian in Irish Times ar an Sathairn a mhínigh an pointe seo go beacht soiléar.
Dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann (Alan Titley, Irish Times 5/12/2012)
Dár liom fhéin níl an rud ar a dtugtar "Ginmhilleadh" dlithúil nó fiú ceart. Is milleadh atá i gceist, sé sin deireadh a chur leis an leanbhín istigh i mbruinne d'aon ghnó. Ach más "Foirceannadh Toirchis" atá i gceist is scéal eile atá i gceist. Ón méid atá ar eolas againn go dtí seo níl aon rud sa dlí nó sa Bhunracht (ná i dteagasc na hEaglaise Chaitlicí) i gcoinne "foirceannadh toirchis," i gcás Shavita.Tá áfach fadhb sa dlí maidir le cás X nach ndearnadh rud ar bith faoi ón gcás cúirte truamhéalach sin. Tá ar an Rialtas dlí a rith a déanfadh soiléar cás mar sin, go mór mór i gcás bagairt féin-mharú an máthar i gceist.
Sílim féin gur ceart dóibh, mar a mholann Breda O'Brien, dlí, ní chun deireadh a chur le saoil an pháiste, ach chun saol an mhathar a shabháil.
Ach thár aon rud eile ní mór dúinn smaoineamh agus gan dearmad a dhéanamh ar bhrón agus ar bhriseadh chroí atá ar Phraveen, chéile Shavita. Pé rud a thárla, tré mhí-thuiscint ar an dlí, nó diognóis mícheart, is ag caint faoi clann, daoine daonna atá scriosta in ár dtír féin agus iad i bhfad óna dtír fhéin.
An áit a bhfuil fadhb ann ná nach gá do dhaoine nach gcreideann go bhfuil ginmhilleadh ceart ná cóir aon ghinmhilleadh bheith acu, agus ní shárófar a gcuid cearta. Ach daoine a chreideann gur gá an rogha bheith ann, níl aon rogha acu. Tá siad beo i dtír le dearcadh meánaoiseach, frithbhan. Agus chonaic muid an deireadh loighiciúil leeis an dearcadh sin le Savita H.
ReplyDeleteNí chreidim fhéin gur ceart ná cóir ginmhilleadh a bheith ann. Tá ceart an bheatha ag gach éinne ó chruthaíodh iad, bíodh sé nó sí sa bhroinn nó beirthe.
ReplyDeleteÓn méid a chuala mé agus atá léite agam faoin gcás trúimhéileach seo ní bheadh ginmhilleadh i gcéist.
Ní aontaím go bhfuil gach duine atá "i gcoinneadh ghinmhilleadh" sna meán aoise nó "frithbhan."