25.11.10

Suantraí an tromluí


Le Marion Gunn

An phoblacht a cailleadh sna geallchluichí
Féile Mhíchíl a n-imeartha i gcoim na hoí’:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht a shaoraigh baincéirí
as sáinn nár tháinig sí féin aisti:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht nach daonlathas a thaobhaíonn sí
ach gabhaltais bheaga mar ríocht Chiarraí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a ghlac iasacht scillingí
ó rídhamhna uasal Liam óg Buí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a caitheadh i dtraipisí
gan uachtarán tofa, le rialú gan bhrí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a chaill a náire is a slí,
a thug cúl le Dev is le Connolly:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht shlecht ghlas níos gearmánaí
ná bratwurst lofa na neascóidí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht mar cheantar tástála buamaí
airgeadais i dtrialacha an ECB:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a scaoil uaithi na hacmhainní
ó bharr go bun a farraigí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a threascair Teamhair na Rí,
beag beann ar shinsir ná ar lucht sí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá poblacht an rachmais ag imeacht le gaoith,
agus fuílleach a maoine ag lucht na faillí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht sin coigistithe is Gaeil ag guí
go seasfaidh seantír ár n-aislingí,
gurb ionann í agus Éire mo chroí.


No comments:

Post a Comment