11.3.11

Duais ag an Seachtar Laoch

Thug an feachtas fógraíochta nuachtáin don tsraith teilifíse le TG4 1916 Seachtar na Cásca an Grand Prix, an phríomhdhuais, Fógra Nuachtáin na Bliana leis ón gcomórtas náisiúnta a d’eagraigh Cumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann (NNI)(Béarla). Fógraíodh torthaí an chomórtais aréir. Thug an feachtas fógraíochta nuachtán don tsraith chéanna ar TG4 an duais don Stiúradh Ealaíne is Fearr leis freisin aréir, i bpáirt le duaiseoir eile.

Is é an comhlacht Publicis/QMP, gníomhaire cruthaitheach agus margaíochta TG4, a chruthaigh na fógraí nuachtáin seo. Des Creedon a scríobh an chóip don fhógra, John Kilkenny an stiúrthóir ealaíne agus Mark Delany a phleanáil an feachtas fógraíochta nuachtán. Seacht gclár, ceann faoi gach ceannaire a shínigh Forógra an Éirí Amach, a bhí sa tsraith teilifíse ar TG4. Grianghraf den aisteoir i bpáirt cheannaire 1916, é in éide shibhialta agus é ullamh dá chur chun báis tar éis a dhaortha, atá sna fógraí nuachtán a bhuaigh na duaiseanna.

Dúirt moltóir an chomórtais, Julian Borra ó Team Saatchi (Béarla) sa Ríocht Aontaithe go raibh neart agus draíocht ag baint leis na fógraí buacacha. “A luaithe is a leag mé súil orthu, bhain siad siar asam agus chuaigh i bhfeidhm orm,” a dúirt sé.

Is í duais-scéim NNI an phríomh-scéim do thionscal na fógraíochta nuachtán in Éirinn. Eagraíodh an comórtas ar bhonn míosúil agus chuaigh na buaiteoirí míosúla chun cinn don chraobh náisiúnta.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo ar fad i TG4 agus QMP Publicis a bhí páirteach i gcruthú na bhfógraí buacacha seo “Is cruthúnas eile é seo go n-aithnítear go bhfuil saothar iomlán TG4, margaíocht san áireamh, ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí,” a dúirt sé “agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile.”

No comments:

Post a Comment