4.1.12

Ag breathnú isteach?

Chruthaigh an Nollaig go maith do TG4 de réir na bhfigiúirí féachana ó Nielsen TV Audience Measurement Ireland (Béarla), an miosúr oifigiúil teilifíse in Éirinn. Léiríonn na torthaí sin don tréimhse ó Oíche Nollag go Lá Caille gurb é an cainéal Gaeilge an t-aon chainéal dúchais ar éirigh leis scair fhéachana níos airde a fháil faoi Nollaig ná a ghnáth-scair i rith na bliana.

D’fhéach os cionn 2.7 milliún duine ar TG4 le linn na féile, 70% den phobal a d’fhéach ar aon teilifís i rith na Nollag.

Thuill an cainéal scair fhéachana 3.4% i rith na Nollag agus bhí TG4 sa cúigiú háit ar fad san ord tosaíochta teilifíse in Éirinn don fhéile, trí áit níos airde ná a ghnáth-ionad sa margadh i rith na bliana. Níl féachaint i dTuaisceart Éireann ná ar Sheinnteoir TG4 ar www.tg4.tv sa mbaile agus i gcéin ná ar threalamh taifeadta pearsanta in Éirinn san áireamh leis na figiúirí féachana teilifíse sin.

Ar na cláracha a thuill lucht féachana suntasach faoi Nollaig 2011 do TG4 bhí Rugbaí Beo (Mumha v Connachta) agus Ray McAnally, M’Athair ar Lá ‘le Stiofáin, agus Geantraí – Na Chieftains 50 Bliain agus an clár faisnéise Michael D – Rás go dtí an tÁras ar Lá Nollag.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, gur ábhar sásaimh agus misnigh iad na figiúirí seo dó. “Glactar leis go bhfuil an iomaíocht Nollag ar an gceann is géire ar fad sa margadh teilifíse in Éirinn,” a dúirt sé “agus is mó fós an dúshlán anois ó tá an rogha cainéal ag fairsingiú agus na modhanna féachana ag méadú ó mhí go mí. Cruthaíonn na torthaí seo go bhfuil meas agus éileamh ar an rogha sainiúil ábhair atá ar fáil ar an gcainéal s’againne, go háirithe ag an tráth speisialta seo den bhliain.”

Féach leis ar an an alt seo faoi TG4 san Irish Times 4/12/2011 (Béarla)


2 comments: