17.1.13

Éin Chreiche i gConamara.


Bhí cruinniú de Cairde Éanlaith Éireann (Béarla) ag Bóthar na Trá aréir. Thug John Lusby, Oifigeach Caomhantais Éin Chreiche na heagraíochta caint an-suimiúil ar an ábhar agus ar an obair atá beartaithe acu i gConamara.


Méirliún
Ceann Chait
Pocaire Gaoithe

Ar dtús thug sé léargas ar a n-áit in "ordlathas" na n-éan. Tá sé ar barr i mbiaslabhra na n-éan agus cé go bféachann siad an láidir ar bhealach táid lag go leor ar chúiseanna éagsúla. Cuir i gcás an Clamhán nó an Iolar Firéan mar shampla. Is cosúil gur theip ar na héin sin san naoi aois déag agus mar sin tháinig méadú ar na héin agus na hainmhithe beaga a bhíodh mar bia acu, mar shampla an snag breach, an caróg agus creimirí mar francaigh, luchanna 7rl méadaithe go mór ó shin.

Tá feabhas tar éis teacht ar an scéal agus tá an clamhán tár éis teacht thár n-ais go nadúrtha ó Alban istigh i gCo Aontroim agus ó dheas ar chosta thoir na tíre agus anois ag leathadh istigh i lár tíre chomh fada siar le Co na Gaillimhe. Le roinnt blianta anuas tá an iolar á thabhairt isteach anseo athuair i bpáirc Ghleann Bheatha.

Táthar ar scéim staidéar le déanamh i gConamara - ag brath ar deontas ón Roinn! - ar trí chinn de na h-éan seo. An Méirliún, an Ceann cait agus an Pocaire Gaoithe.

D'fhéadfá a rá gur cineal daingean don Méirliún é Conmara. Éan an cúthaileach atá ann agus an éin chreiche is lú sa tír é. Tá sé beagáinín níos lú ná an smólach. Itheann sé éiníní an-bheag agus feithidí, féileacháin agus leamhain. Is istigh ar na h-oileáinín beaga sna locha a bhíonn a nead acu ach bíonn rianta dé ar chlocha atá ag giobadh amach ó na portaigh. Cé go bhfuil siad le fáil i gConamara níl mórán eolas faoi mar is anamh a feictear é!

Scéal eile ar fad faoin gCeann Cait. Ulchabhán atá le fáil coitianta go leor in Éireann é seo. Is cosúil go bhfuil sé le fáil ar fud Chonamara ach amháin i gceantair Cois Fhairrige. Ní minic a feictear sa lá iad mar bíonn sé ag seilg (lucha agus mammaigh beaga eile) san oíche.

Tá níos mó eolais againn  ar an Pocaire Gaoithe nár ar aon cheann éile de na héin seo. Éan maorga a bhíonn le feiscint ar foluain nó ag ainliú sa spéir faoin dtuath. Is minic a bíonn siad le feiscint ós cionn na mótar bhealaigh. Is féidir iad a fheiscint ar fud Conmara agus itheann siad ainmhithe beaga agus corr éan.

Tá breis eolas (i mBearla áfach ar suíomh na heagraíochta!).




2 comments:

  1. Sin rud amháin a bhraithim uaim i gcomparáid leis an nGearmáin; éin creiche ar foluain.

    Tá siad le feiceáil go minic os cionn na goirt i mBrandenburg.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Feictear minic go leor anseo i gCaorán na gCearc. Is cosúil go bhfuil dhá nead soir uainn in Indreabhán.

      Delete