Fuair sé an áit! |
Tá bua íontach ag an soiscéalaí Lúcás. Is scríobhnóir den scoth é. Tá sé i ndán, i gcupla focail pictiúir iomlán a thabhairt dúinn. So soiscéal inniú bhí ceann de na sliochta is fearr dá scríobh sé. Tógann sé istig sa tsionagóg áitiúil i Nazaret muid.
- Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh sé isteach mar ba ghnách leis sa tsionagóg lá na sabóide, agus d’éirigh ina sheasamh leis an léitheoireacht a dhéanamh.
- Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus nuair a d'oscail sé an leabhair, fuair sé an áit ina raibh scríofa:
-
“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric sé le hola mé.
Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,
ag fógairt a scaoilte do ghéibheannaigh,
amharc a súl ar ais do na daill,
ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”
-
D’fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh.
-
Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.
-
Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.”
I gcúig abairt tá an pictiúír iomlán againn.
Anois is féidir linn smaoineamh ar a dúirt sé agus cén miniú atá sna bhfocail a léigh agus a dúirt sé!
No comments:
Post a Comment