26.8.14

Comhartha na croise!


Bhí pictiúir de cros á chur thár n-ais ar sean-eaglais Chriostaí san Iaráic cúpla lá ó shin ar facebook agus cuireadh focail Salm 122 isteach im aigne!

Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”

Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim.

Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean.

Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna,
d’fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna.

Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais, cathaoir do theaghlach Dháiví.

Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit.

Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás.

Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat.

Ar son teach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas.

Ta an méid sin smaointí istigh sna focail agus muintir Iaráic, an tSiria, an Talamh Naofa agus ceantracha eile nach iad ag fulaingt sna laethanta seo. Siad ár bráthaireacha 'sár siúracha, daoine daonna pé creideamh atá acu, atá ag fulaingt agus an fhaid is atá éinne acu ag fulaingt is cinnte go bhfuil muide ag fulaingt leo.

Mar a dúirt an Pápa le deanaí: Tá an ceart ag an duine daonna fóbartach éagórach a stopadh agus tá dualgas ar an bhfóbartach an t-olc atá á dhéanamh aige a stopadh!

Má chreideann mé gur leis an Tiarna an domhain ar fad ((Iarúsailéim sa salm!) nach ceart dom iarraidh air de ló is d'oíche "síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn?"






No comments:

Post a Comment