2.12.14

Seosamh & Prionnsias ar aon intinn!

Seanmóirí Aindiachta i gCill Chiaráin

Is cuimhin liom ag deireadh Comhairle na Vatacáine go raibh mothúcháin i measc na neaspag ann go raibh dearmad déanta ag an-chuid againn ar na boicht. Is cuimhin liom gur diúltaigh an Pápa Pól VI (Beannaithe le déanaí) don tiara, coróin speisialta, a cuireadh ar a cheann nuair a thoghadh é, mar chomhartha dá dhiúltú chumhachta dhaona.

1965: Pápa Pól ag diúltú dá Thiara!
Idir an dá linn, ón gcaoga bhliain ó thárla deireadh leis an gComhairle tá athrú beaga agus móra tár éis thárlúint san eaglais agus taobh amuigh de. Don duine le creideamh tá gach comhartha mar fhreagra nó léiriú ar a dúirt an Tiarna Íosa leis na hAspail, "..múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh." (Eoin 14: 26) Is comhartha uaidh fiú nochtadh na h-uafáis a deineadh ag sagairt agus easpaig i rith na céadtha bliain  mar "nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais." Eoin 16:8)

Seanmóirí Cumannach!
Tá píosa ag Seosamh Ó Cúaig i gComhair na Samhna, agus tá smaointe díreach ón Tiomna Nua á roinnt linn. Is cosúil gur iarr Sagart Paróiste in a cheantair féin air a chuid tuairimí a roinnt le Pobal Dé i séipéal Chill Chiaráin. Ní h-é Seosamh Ó Cuaig an chéad duine a roghnófa mar dhuine le seanmóin a thabhairt i séipéal Caitliceach! Smaoineófá ar dhuine "dhílis" don eaglais, Críostaí "aitheanta." Lúann eagarthóir na h-irise Seosamh mar "Aindiachtaí agus Cumannach" agus b'fhéidir go bhfuil sé sin fíor. Breathann sé cén brí atá agat ar na téarmaí áirithe sin.

Mar sin féin ba smaoineamh fáidhiúil  é ag an sagart paróiste Seosamh a roghnú don obair seo. Ar aon nós chuir sé ag smaoineamh an scríobhnóir seo!

Nocht sé tuairimí díreach ón scriptiúir, ó Ghníomhartha na nAspal, ina dtugann Naomh Lúcás, an scríobhnóir, cúr síos ar na céad Chríostaithe ina dhiaidh imeachtaí Dhomhnach Cincíse. Thóg sé an píosa seo:

"Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.
Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá...." (Gníomh  5: 32-5).

Tá píosa eile ag Lúcás roimhe sin a léiríonn an rud céanna agus b'fhéidir go dtugann sé miniú ar nó bunús leis an gcineál sin cleachtadh i measc na gCríostaí seo:

"Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile lemóráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe." (Gníomh  2: 42-7)

Fáidh eile
Déanann Seosamh tagairt don bPápa Prionnsias mar tá comharthaí tabhachtach a thabhairt aige dúinn go léir go mór mór i gcás na mbocht, na teifeach, na daoine as obair agus na sean-daoine. Fiú i rith a thuras chuig Pairlimint na hEorpa (Samhain 2014), nach raibh mórán tagairt sna meán faoi, d'iarr sé ar na baill Pairliminte, "na nithe is fearr den Eoraip a athaimsiú". Dúirt sé, "luachanna na caoinfhulaingthe, an mheasa, an chomhionannais, na dlúthpháirtíochta agus na síochána" a chosaint agus a thabhairt ar ais. "Thar aon rud eile ní mór dínit a thabhairt ar ais don lucht oibre trí choinníollacha cearta oibre a chinntiú."  De bharr na ráitisí sin agus cinn eile tá "Caitlicigh" áirithe, atá compóirdeach ina a gcuid "patuarachas," atá sásta leis an status quo, ag cúl caint faoin bPápa "Chumannach" seo agus aithníonn Seosamh é sin.

Tá an-time aige don bPápa seo ag Seosamh!

Tá sé cinnte gur réabhlóid atá sa bhfíor Críostaíocht. Dúirt naomh éigin, "Tabhair grá do Dhia agus ansin déan pé rud is mian leat!" Macall atá anseo den rud a dúirt Íosa, “Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis." Ach téinn fritéis ann leis "An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra." (Eoin 14: 23-24)

"Bígí ag guibhe ar mo shon" Prionnsias 
Ceacht eile.
Tharais san tá ceacht eile á thabhairt ag an bPápa agus b'fhéidir nár smaoinigh an "Seanmóirí Aindiachta" air nuair a bhí sé ag ullmhú a phíosa mhisniúil. Bhféidir nár smaoinigh sé air nó mar smaoinigh sé ar nár thuig go raibh tabhacht faoi leith leis.

Ar an lá ar toghadh Prionsias agus nuair a tháinigh sé amach lena bheannacht don slua rinne sé rud éig nach ndearna aon Phápa roimhe. Stop sé. D'fhúlaigh sé a chloigeann ag iarraidh ar an slua guíbhe ar a son, go mbeannóidh an slua é ag tús a Phápacht. Ag an neomad áirithe sin níl aon amhras ach go raibh "buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile!" Agus ó shin tá na mílte samplaí le spáint go bhfhuil sé ag claoí "go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin (Aifreann) agus leis na hurnaithe."

Comhchaidreamh
Is dóigh liom gur sin an "cumhacht" gur ceart a bheith ann taobh thiar den bhfíor Chríostaíocht. Bhí litir foilsithe ar Easpaig na hÉireann, blianta ó shin leis an ainm "Eolas ar Chríost!" Is cosúil gur aistriú ar an Bhéarla a bhí ann agus mar sin bhí sé mícheart mar ar bhealach tá difir mór idir an creidimh Chríostaí agus chuile creidimh eile. Is comhchaidreamh atá sa bhfíor Chríostaíocht agus mar sin ba cheart "Aithne ar Chríost" a bheith mar ainm ar an litir úd!

Ag an Aifreann deireannach den bhliain Eaglasta léadh é seo sa Soiscéal, agus i ndairíre sé croí na Chríostachta na focail atá ann:

"‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’" (Matha 25: 37-40)

Is comhartha ón Spiorad Naomh é nuair a deintear mí-chompórdach muid ag smaoineamh ar na rudaí sin.

Anois níl le déanamh again ach beart dá réir!

Mar a deireann an Meerkat eile, "Simples!"



3 comments:

  1. @Is comhartha ón Spiorad Naomh é nuair a deintear mí-chompórdach muid ag smaoineamh ar na rudaí sin.

    Cad as a tháinig an ráiteachas seo?

    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. Chuala mé ag Eoin Pól 2 (Dominum et Vivicantem 1986) & Benedict XVI nuair a bhí sé ina Chairdinéal (1998) agus tá sé bunaithe ar fhocail Íosa i Eoin 16;7 agus i scríbhíní N. Pól.

      Delete
    2. GRMA

      Fearn

      Delete