6.2.15

Comórtas scoraíochta idir Bhailte i bParóiste an Chnoic!

Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige Comórtas Scoraíochta Idir Bailte a eagrú i bParóiste an Chnoic, sé sin na bailte idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Cruimlinne. Bhíodh a leithéid de chomórtas ann blianta ó shin.

Séard a bheas sa gcomórtas ná seó nó scoraíocht, thart ar 25 noiméad ar fhad, a bheadh curtha in oiriúint don stáitse ag bailte fearann sa bparóiste. Sa scoraíocht bheadh meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht, greann, drámaíocht etc. faoi théama éicint. Bheadh sé fágtha faoin mbaile an téama a roghnú.

Bheadh PríomhGhradam á thabhairt amach don léiriú is fearr, ag tógáil san áireamh na réimsí seo:

  1. ceol; 
  2. amhránaíocht; 
  3. damhsa; 
  4. daoine óga; 
  5. éagsúlacht; 
  6. cumadóireacht; 
  7. scéalaíocht/filíocht/lúibíní 
  8. aisteoireacht; 
  9. greann; 
  10. feisteas.

Bheadh sé i gceist gradaim éagsúla a bhronnadh chomh maith sna réimsí thuas.

Uasmhéid de scór duine a bheas ceadaithe le bheith páirteach sa seó ar an ardán. Beidh cead props agus soilsiú a úsáid. Beidh cead ag bailte beaga atá buailte ar a chéile tíocht le chéile nó dul i bpáirt le baile eile taobh leo.

Caithfidh gach duine atá le bheith páirteach sa scoraíocht a bheith ina chónaí sa mbaile fearann óna dtagann an seó, nó de bhunú an bhaile sin sa gcás nach bhfuil cónaí orthu sa mbaile sin anois.

Tá go dtí an Aoine an 6 Feabhra ag bailte lena chur in iúil an mbeidh siad páirteach sa gcomórtas scoraíochta. Má bhíonn níos mó ná 5 bhaile ag iarraidh a bheith páirteach sa gcomórtas beidh dhá réamhbhabhta ar bun le 4 bhaile a phiocadh amach le dul san iomaíocht sa gcraobhchomórtas ag an deireadh.

Tá an Cumann Forbartha ag súil go mbeadh an comórtas críochnaithe faoi dheireadh Mhárta.

Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ach glaoch ar Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 0860888578.

No comments:

Post a Comment