28.2.15

Maidhm sheicne!

Díreach thát n-ais ón oispidéal tár eis dul faoi scian. Bhí maidhm sheicne orm (agam?) agus mhol na dochtúirí dom dul isteach.

Mhothaigh mé pian aisteach i mo bhléin i lár an bliana seo caite, mar a bheadh beiriú  ar mo chuid chreacainn ach ní raibh aon marc nó gríos ann. Tharla sé níos minicí i rith na bliana agus sa deireadh chinneas ar dhul chuig an dochtúir. (I ndairíre bhí mé ag ceapadh go mbhfhéidir gur rud éigin tromchúiseach a bheadh ann!).

Rinne mé coinne agus chuas isteach chuig an dochtúir i lár mí Eanáir. Rinne an dochtúir iniúcadh orm agus tár éis priocadh, agus iarraidh orm casacht a dhéanamh dúirt sí gur  maidhm sheicne a bhí ann agus rinne sí coinne dom leis an máinlia.

Chuaigh mé chuige i lár mí Feabhra agus rinne sé iniúcadh níos déine orm agus d'aontaigh sé le mo dhuchtúir féin gur maidhm sheicne a bhí. Dúirt sé gur ceart rud éigin a dhéanamh faoi mar luath nó mall bhí chuile sean go n-éiródh sé níos measa. Chinneamar mar sin an jab a dhéanamg go luath.

Mar sin ar an gCéadaoin seo caite chuaigh mé isteach ag meánlae agus mé ag troscadh agus taobh istigh de ceithre uair a chloig bhí mé déanta agus paiste néata ar an áit ina gearradh mé. Ar ndóigh bhí mé leat i mo chodladh ach mar sin féin duradh liom gur éirigh go maith leis an obráid.

Ligeadh amch mé ar an nDéardaoin agus dúradh liom go mbeadh pian agam go ceann seachtaine nó mar sin. Agus ní bhréag a bhí ann mar tá na pianta dona go leor ach diaidh ar ndiaidh is ag laghdú atáid buíochas le Dia.

Molaim go h-árd na banaltraí, dochtúirí agus an foireann ar fad san oispidéal - an Bons i nGaillimh (Béarla).

3 comments:

  1. go raibh tú ar do sheanléim (!) roimh i bhfad. Tóg go bog é!

    ReplyDelete
  2. Go bhfilleadh an sean-sracadh gan mhoill a fhágas folláine an bhradáin in athuair agat, a mhic.

    Fearn

    ReplyDelete
  3. GRM agaibh beirt...tá an fheabhas orm BLD! Níl mé ag léimt go fóillí ach tiochaidh an lá!!

    ReplyDelete