19.1.16

Ar rothar go Ros Muc!


Chuir alt Sheosaim Uí Chuaig i dTuarisc.ie siar ar bhóthre na smaointe mé.  "Ar rothar ó Ros Muc.." atá ar an bpíosa aige agus é ag caint faoi thuras Choilm Uí Ghaora soir go oithear na Gaillimhe. Turas soir chuig an Éirí amach, mar a bhí beartaithe, ach ar ndóigh, mar a déarfadh Seosamh féin, "Sin scéal eile!"

Cuireadh ar bhóithre na smaointe mé. Mí Iúl 1967 a bhí ann agus bhí mé tár éis teacht go Chonamara, go Leitir Móir, don chéad uair. Mo chéad uair i nGaeltacht ar bith agus gan ach Gaeilge briste na Ghalltachta agam - seans go bhfuil sé fós agam!

Bhí mé ag fanacht i dteach Sonny & Kate Standúin ar an Sconsa, Leitir Chaladh, ar dheis Dé go rabhadar beirt. Is cuimhin liom gur íoch mé £5.00 nó mar sin don lóistín seachtaine! Ach rinne mé cairdeas leo agus bhíodh sé de nós agam tiomáint siar ó Bhaile Átha Cliath gach deireadh seachtaine ar feadh timpeall tri nó ceithre bhliain le feabhas a chuir ar mo chuid cainte sular phós mé.

Ach ar an gcéad cuairt dom ní raibh carr ar bith agam, nó rothar fiú ach theastaigh uaim dul ar oilthreacht is dócha, go Teach an Phiarsaigh. Fuair mé iasacht rothair ó dhuine éigin agus chuaigh mé ó thuaidh. Ní chreidim anois go ndearna mé an turas sin in aon tráthnóna amháin - beagnach 30 míle - ach rinne. Ní dhearna mé turas níos faide ná 5 míle i mo shaol roimhe, ach bhí sé nach mór 30 míle go Teach an Piarsaigh agus 30 eile ar ais! Bhí an aimsir ceart go leor ach bhí báisteach trom Chonamarach, ar an turas thár n-ais ach níl aon cuimhne ar an turas a bheith fada nó aon trioblóid orm.

Shroich mé an teach agus chuigh mé tré an trí sheomra ag smaoineamh ar rud a léigh mé áit éigin. An rud a dúirt sé nuair a suí a mháthair agus Liam ag an mbórd ansin le chéile don gcéad uair. "Anois! Tá muid sa bhaile!"

Anois, agus beagnach leath chéad bliain tagtha níl dearmad deanta agam ar an gcéad uair a chonaic mé an teach beag bán agus an cnoch siar uaidh agus an loch ós a comhair. Neomad spioradálta is dócha mar ar bhealach tá croí na brionglóide ansin i gcónaí - mar a scrí sé féin ann sular fhág sé an teach don uair deireannach i mí Iúl 1915 san oráid ag uaigh Uí Dhonabháin Rosa a bhí ina phóca aige. "Chonacthas do shúile glé glana an fhir seo, agus dósan amháin beagnach ina ré, fís na hÉireann faoi mar ba mhaith linne go deimhin í a bheith – Éire saor agus fós í Gaelach; Éire Gaelach gan práinn ar shaoirse..."

Nach ndéanaimís dearmad ar an brionglóid úd!

Agus ná déan dearmad ar alt Sheosaimh a léamh chomh maith, agus, "go n-éirí an saol agus an aimsir leat!"

No comments:

Post a Comment