31.5.16

Lá saoire!

Turas lae tré Chonamara!

Bhí an lá go h-alainn agus chinneamar ar gach rud a fhágáil sa teach agus dul amach áit éigin.

Tá cónaí orainn ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus mar sin thiomáinn muid thiar (nó mar a deireann na comharthaí "WW N"). Siar uainn tá Ros a'Mhíl agus ansin Casla. Ó Chasla is féidir le daoine dul i dtreo An Cheathrún Rua agus Ceantair na nOileán ach bíonn ort teach thár n-ais ar an mbóthar céanna. Mar sin chasamar ar dheis i tré Leitir Mucú, thár Camus Íochtar & Uachtar, ansin chas ar chlé i dtreó Ros Muc, thár Teach an Phiarsaigh, áit a bhfuil an Lárionad Cuairteoirí á thógáil - nach trua nach raibh sé críochnaithe don chomóradh aimsir na Cásca.

Sleibhte ag giobadh amach orainn!
Uaidh sin leanamar an chósta, Cnoc Maorga Mordáin ar dheis, tré Chill Ciaráin agus ar aghaidh tré Carna fós ag leannacht an Atlantach Fián. Bhí an ghriain ag scoilteadh na gcloch agus bhí boladh tarra ag leá leis an teas. D'fhéach an tír thár timpeall orainn go h-álainn ach ar aghaidh linn siar tre Glionsca, ansin thár an Zetland agus an ostán inar fhán De Gaulle nuair a éirigh sé as mar Uachtarán na Fraince sa bhliain 1968 ag an gCaiseal.

Ansi stomara ar feadh tamal gearr ag Cloch na Rón ag breathnú amach ar na sleibhte agus anall ar Inis Ní. Ansin siar aríst tré Baile Conaola. Ar an taobh sin tíre tá an-chuid tithe saoire agus is mór an trua ar bhealach mar sa Geimhreidh bíonn an cheantair nach mór dubh dúnta. Ach inniú bhí neart daoine thár timpeall.

Stopamar arís ar an gClochán agus mar is gnáth dúinn chuamar isteach i dTí Mitchell le haghaidh lón agus arís mar is gnáth bhí an béile thár barr. Nuair a bhí an béile thart chuamar thár timpeall na siopaí a bhí gléasta go deas ag súil le séisiúr eile turasóireachta. Cheann de na radharcanna is ansa liom ná an radharc ag breathnú soir ar an bpríomh sráid - Sráid an Mhargaidh tá mé ag ceapadh. Tá na sléibhte le feiscint ag gobadh amach ós cionn na bhfoirgneamh.

Leanamar linn ar Bhóthair na Spéire, b'fhéidir ceann de na bóithre is áillinne sa tír, bhí Inis Toirbeard, Inis Tuirc thíos fúinn sa bhfarraige ciúin ag glioscarnach faoin ngriain. Uaidh sin go h-Oileán Iomaí. Bhíomar i ndán siúl amach chuig an oileán, rud a rinneamar. Is aoibhinn an áit é agus molaim d'éinne siúl amach thar an ngaineamh chuige.

Faoin am sin bhí sé ag éirí déanach agus thiománamar gan stopadh abhaile trén gCloigeann, Leitir Fraic, thár Coill Mhór agus ar dheis tré Ghleann álainn Loch Eidhneach go dtí an Teach Dóite agus ar ais abhaile.

Nach álainn an tír ina bhfuil cónaí orainn!

No comments:

Post a Comment