28.5.16

Uafás álainn sa Seanscoil!


Bhí mé ag an Féile Réabhlóideach Scannánaíochte aréir agus bé "Áille an Uafáis" an ceann a rognaigh mé le feiscint. Bhí dhá scannán éile á thaispeáint, "An Cearnóg" (Béarla) faoin an heachtrai i gCearnóg Tahir na hÉigipte, agus "Persepolis" (Fraincís) scannán bheochan faoi saol faoi bean san Iaráin faoin Shah agus ansin faoin réimis na hAyatollah. Bhí an féile eagraithe ag Club Scannáin Sailearna.

Bhí giolch ag Trevor Ó Clochartaigh faoin gceann Éigipteach aréir."Tús iontach le Féile Scannán na Réabhlóide in Indreabhán anocht le 'The Square' curtha i gcomthéacs ag Treasa Ní Cheannabháin."

Sa Seanscoil a bhí "Áille and Uafáis" le feiscint. Deineadh dhá bhliain ó sin agus séard atá ann ná Éirí Amach na Cásca tré súile iad siud a bhí ann, Réabhlóidithe, Saighdiúirí na hImpireachta agus gnáth mhuintir Bhaile Átha Cliath. Ní fhacamar an Piarsach nó an Conghnailach nó éinne den na ceannairí móra. Chuir sé béim ar dhá ionad cogaíochta, Droichead Sr. an Mhóta i ndeisceart na cathrach agus Sr. An Rí Thuaidh i gceantair na Ceithre Cúirteanna.

D'aitheann sé crógacht na reibiliúnach agus an tuiscint a bhí acu ar cogaíocht. Ag an am céanna bhí tuiscint ar easpa cleachtadh na saighdiúirí a cuireadh isteach sa cathair le smacht a fháil mar aon le stuacacht a gcuid gceannaire in áiteanna - go mór mór ag an Droichead. Bheadh sé éasca dóibh dul isteach sa cathair thár Droichead Sr Bhagóid nach raibh garda ar bith ag na hÓglaigh.

Cé nár éirigh le hAirm na Breataine an lámh in uachtair a fháil ortha ar Shráid an Rí, arís tré easpa cleachtadh na saighdiúirí bhí ortha géileadh nuair a fuaradar órdú an Phiarsaigh. Ach i ndan fhios dóibh bhí uafáis tar éis tárliúnt thíos uatha ag na tionóntáin. Nuair a maríodh gach fear a bhí istigh ionta ar ordú mar dúradh leo "Is reibiliúnaí gach fear a faightear sna tithe sin!" I bhfocail duine de na tráchtairí "Under pressure the British Army just lost it!"


Cé go raibh fhios againn cén deireadh a bheadh le himeachtaí bhí an scannán seo déanta chomh maith san go raibh tú féin páirteach ann. Bhí tú le na hOglaigh agus iad ag feitheamh ar an troid le teacht. Bhí tú le na daoine bochta a ionsaíodh is Sr an Rí. Bhí tú le leis na gnáth saighdiúirí bochta fiú nach raibh tuairim dá laghad cad a bhí rompu agus anois atá curtha agus dearmadta don chuid is mó.

Ar bhealach chuir sé miniú eile dom ar an searmanais a bhí ann do na Sasanaigh a fuair bás sa bhliain 1916 le déanai agus atá curtha i gcré na hÉireann seachas páirceanna Fhlóndras.

Ar dheis Dé go raibh anamacha na marbh!

• Nuair a críochníodh agus a taispeánadh an scannán seo thosaigh daoine muintire le daoine a bhí ann i 1916 ag teacht chuid na léiritheoirí le tuille scéalta. Táid ag obair ar tógra nua le scéalta as 1916 agus tá podcastanna le fáil ar an suíomh A Terrible Beauty (Béarla). Is fiú go mór éisteacht leo.

• Cé nach raibh mo mhuintir féin páirteach (go bhfios dúinn) tá roinnt stuif againn sa chlann a bhaineann leis an tréimhse stairiúil seo a scríobh mé faoi le deanaí.


  @ClubScannan @1916film #Éire2016

No comments:

Post a Comment