9.8.16

Lacerta vivipara sa chistin!

Bhi cuairtoir istigh sa chistin againn inniú. Ní fios dúin conas ar tháinig sé isteach ach bhí sé ann ar an úrlár le feiscint go soiléir. Laghairt a thugann tearma.ie air. Níl ach an t-aon ceann anseo in Éirinn deirtear agus glaoghtar laghairt choiteann air.  Tugtar ainm eolaíochta "lacerta vivipara" nó "zootoca vivipara" air.
    Fuair mé amach ó shin ó scríos an píosa seo (gura maith agat a Dhónaill Uí Chnáimhsí)  go bhfuil ainm i bhfad níos deise air áfach earc luachra. Tá neart ainmneacha eile lúaite ar shuíomh phota focal.
Bhí sé timpeall sé n-orlach ar fhaid and dath donn dorcha air. Bhí sé ina sheasamh agus thaistigh ó bhean a tí go dtógfainn amach as an áit go sciopadh é. Thóg mé píosa nuachtáin agus rinne mé iarracht é a shleamhnú faoi ach ansin do rith sé uaim. Rith sé chomh fada leis an mballa agus buíochs le Dia ní raibh spás ann dó dul isteach i bpoll éigin. Bhí mé i ndán é a scúpáil isteach i sluasaidín agus thóg mé amach chuig an garraidh é.

D'fhág mé ar an mball ansin é agus d'fhan sé ansin ar feadh neomad ghearr agus ansin d'imig sé as radharc le preab.

• Tá  Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann (Béarla) ag déanamh suirbhé ar an ainmhí seo agus má feictear iad ag tuairisc air a dhéanamh leo.

Tuilleadh eolas faoi anseo i mBéarla.

1 comment:

  1. Is iontach liom nár bhfaca mé a dheartháir riamh in Éirinn. Ach, is cuimhin liom uair amháin agus mé óg, nuair a bhí mé san Iodáil, chonaic mé a mhuintir go fairsing ag dul i bhfolach sna ballaí tuaithe. Ó, ababúna, chuir a radharc sceitimíní áthais orm. Ní raibh go leor Iodáilise agam an t-ardú chroí a chur in iúl do mo chomhghleacaithe Iodáileacha, ach mé ag éamh i dtaobh na "crocadrillini" ( na crogailíní )a chonaic mé!
    Lá dem shaol.

    Fearn

    ReplyDelete