4.8.16

Oireachtas Chois Fharraige 2016 ag céiliúradh Damhsa ar an Sean-Nós! #OirCF16


Tá sé socraithe anois go mbeidh Oireachtas Chois Fharraige ar bun thar dhá dheireadh seachtaine mí Meán Fómhair seo chugainn.



Tosóidh imeachtaí an Oireachtais ar an Aoine, 16 Meán Fómhair, le oscailt Taispeántas Ealaíne i gCasla, sa bhfoirgneamh ina bhfuil oifigí Oireachtas na Gaeilge ar an eastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17 agus 18 Meán Fómhair, beidh seó ilmheánach á léiriú san amharclann i Seanscoil Sailearna, rud atá curtha le chéile go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain, le comóradh a dhéanamh ar 1916, ach chomh maith le sin, le comóradh a dhéanamh ar bhunú Cumann Forbartha Chois Fharraige i 1966, leathchéad bliain ó shin.

Le linn na seachtaine dár gcionn beidh ceardlanna éagsúla ar bun sna bunscoileanna sa gceantar, idir scéalaíocht, drámaíocht, damhsa, amhránaíocht agus ealaín.

Damhsa ar an Sean-Nós
Déanfar Oireachtas Chois Fharraige a oscailt go hoifigiúl ar an Déardaoin, 22 Meán Fómhair, nuair a bheas oíche mhór Damhsa ar an Sean-Nós, le comóradh a dhéanamh ar an oíche a baistíodh ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an stíl damhsa aonair a bhí fós á chleachtadh ag daoine i gConamara: eagraíodh ‘Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós’ mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge 1976 agus cuireadh síol an oíche sin, as a d’fhás is a leathnaigh an Damhsa ar an Sean-Nós, mar stíl damhsa ar fud na tíre agus thar lear chomh maith.

Le linn an dara deireadh seachtaine beidh neart ceol is drámaíocht sa gceantar, idir Fibín ag cur ‘Mac Piarais i bPictiúr’ ar an ardán, Aisteoirí an Spidéil ag léiriú an dráma iontach ‘Boicíní Bhóthair Kilburn’ agus Síle Denvir ag déanamh an seó ‘Caithréim’, atá bunaithe ar cheol agus amhráin an Phiarsaigh.

Coirmcheoil Mhór
Ar an Satharn, 24 Fómhair, beidh Coirmcheol Mhór na Féile ar bun in Óstán na Páirce, le scoth na n-amhránaithe is na gceoltóirí ar an ardán chomh maith le Cór Fear na nDéise agus Cór Chois Fharraige.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé go leor airgid é a chur ar bun. Tá urraíocht fáighte ó Chomhar Creidmheas Cholmcille ach seachas sin is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine a bheas an coiste. 

Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid a cheannacht don deireadh seachtaine roimhré ar an bpraghas €25. Duine ar bith ar mian leo síntiús a thabhairt níl le déanamh acu ach seic a chur ag Brian Ó Cuív, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Tá suíomh ag Oireachtas Chois Fharraige anseo ar facebook agus ar an gcóras giolcaireachta twitter anseo. Más ag tuíteáil faoi atá tú bain úsáid as an haisclib - #OirCF16


No comments:

Post a Comment