10.3.17

"Den cuid is lú de na bhraithre..."


Agus scéal ó Thuama á bhriseadh nach mbeadh sé deachair gan aontú leis an dochtúir san Irish Times anseo. Agus nach ait an rud é gur dúradh seo beagnach céad bliain ó shin agus nár tugadh aon aird uirthi? Cá raibh an stáit? Cá raibh an Eaglais? Cá raibh an pobal?
“A great many people are always asking what is the good of keeping these children alive? I quite agree that it would be a great deal kinder to strangle these children at birth than to put them out to nurse.” 
An Dochtúir Ella Webb san Irish Times, 18 Meitheamh 1924.

Cén saghas daoine muid nár éistíodh leithí? Nach rabhamar sásta stáid na daoine óga neamhurchóideacha seo a chuir i bhfolach.?

Cén saghas daoine iad, a bhí in ainm is a bheith coisricthe don Dia seo - "Dia an Grá" ? Nach bhfuil sé do-mhínithe? Cá raibh an grá anseo?

Conas ar léigh siad a dúirt Eoin sa Bíobla, "A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia." Nach ag diúltú Dia a bhí ar siúl sna háiteanna seo? "An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá."

Dúirt an Pápa Benedict XVI tráth, "'Sí ifreann  an áit nach bhfuil Dia ann!" Agus sa chás seo is sé Dia féin a bhí curtha in ifreann. I bhfocail an Mháistir "... mar is domsa a rinne sibh é!"

Liosta ó thaighde Chatherine Corless
de na na páistí mar a foilsíodh san
Galway Advertiser
Táthar siúd ag rá gur seo chuid den droch-thionchar a bhí ag teagasc na Eaglaise ar saol na tíre é seo. Ach tá sé sin ró-shimplí mar bhreithiúnas. Má bhí an Dr Webb ag rá rud mar sin go h-oscailte cén fáth go raibh a stáit sásta seasamh siar, agus ní hamháin seasamh siar ach sásta na páistí, na leanaí seo a fágáil sna hifreanntaí seo. Ní raibh ortha ach breathnú ar an liosta atá (agus a bhí) le fáil go poiblí le feiscint go raibh rud éigin gur chóir a iniúcadh. Sa deireadh bhí ar staraí cróga na h-áite, Catherine Corless, na taifead a iniúcadh agus a fhoilsiú as a stuaim féin lena a cuid airgead féin. Nach ionann an meon seo agus an meon a bhí ann i dtaobh na neachtlann Magdaláine?

Níor éistíodh leis an Dr Webb sa bhliain 1924 agus níos deanaí sa bhliain 1946*, níor éistíodh agus fiú ionsaíodh ag lucht na heaglaise agus Airí Rialtais, Fr Flanagan of Boystown - "the world’s most foremost expert on boys’ training and youth care” -  nuair a dúirt sé go neamh balbh:  "You are the people who permit your children and the children of your communities to go into these institutions of punishment. You can do something about it." 

Bhí na daoine a bhí i i bhfeighil sna tithe seo glán in aghaidh marú páistí sa bhruinne.  Dá mba rud é go raibh cead ghinmhilleadh ann an mbeadh sé sin sásúil? Má athraítear focail an dochtúra - "It would be a great kinder to abort these children before birth!" an mbeadh sé sin pioc níos fearr?

Agus an é an eaglais faoi dearadh é seo go léir? Nach bhfuil rudaí fós ag tárlú nach bhfuil - go bhfios dom - aon baint ag an eaglais leo. Scéal Grace bhocht mar shampla? Mar a dúirt an tAth Flanagan. "I wonder what God's judgment will be with reference to those who hold the deposit of faith and who fail in their God-given stewardship of little children."

Tá fhios agam go bhfuil feachtas ar siúl faoi Alt 8 faoi láthair. Ar bhealach tá sé éasca a deireadh a chuir leis an alt sin agus cead a thabhairt do na dochtúirí deireadh a chur le saol sa mbroinn más sin toil an máthar. Ach an duine é nó í atá sa bhroinn? Dár liomsa is duine atá ann i gcónaí. Tá fhios agam nach aontaíonn gach éinne liom sa dearcadh sin ach go dtí seo ní fhaca mise aon cruthú ina coinne (ná ar a son). Mar sin is cosúil go bhfuil amhras ann.

Cá raibh na fir?
Sna díospóireachtaí seo tá an chuid cainte faoi na mná agus a cearta. Agus is ceart go mbeadh mar iompraíonn bean an taisce míorúilteach seo ar feadh trí ráithe. Ach tá duine eile sa phictiúr leis. An athair. Nach bhfuil dualgas nó/agus ceart aigesean sna cúrsaí seo. Ach go ró mhinic fágtar an bhean leithí féin, fiú ag a muintir féin. Fós!

Fiú muna gcreideann muid i nDia na gCríostaithe nach fíor go bhfuil beagáinín den ceart sa mhéid a dúirt a Máistir:  ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é...sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’  Seans go bhfuil sé ráite níos fearr ag an bhfealsúnaí Sasanach John Donne (1571-1631):


"No man is an iland, intire of it selfe;
every man is a peece of the Continent, a part of the maine;
if a clod bee washed away by the Sea, Europe is the lesse, as well as if a Promontorie were,
as well as if a Mannor of thy friends or of thine owne were;
any mans death diminishes me, because I am involved in Mankinde;
And therefore never send to know for whom the bell tolls;
It tolls for thee...."

Bíodh eagla orainn ach ag an am céanna bíodh dóchas againn mar anois tá an scéal againn, an fhirinne againn, agus saorfaidh an fhírinne muid - má ligimíd di!

Only Father Flanagan of Boys Town shouted stop to child abuse in Ireland (Irish Central 10/3/2017)

3 comments:

  1. "Is tír eachtrannach an t-am atá caite." mar a scríobh duine éigin, ní ag moladh scanaill a táim. Ach is beag duine a bhuail mé leis, cuma cén tír a tógadh é ann, nach raibh scannaill ann.
    Seo cúntas a léigh mé i nuachtán an lá inniu : https://www.theguardian.com/commentisfree/2017/mar/11/abuse-in-plain-sight-molestation-rape-incest

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Is dóigh gur b'é soe an Ella Webb a sríobh an litir: https://en.wikipedia.org/wiki/Ella_Webb

    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. GRMA as a dá píosa anseo. Ní raibh aon eolas agam ar an Dr. Web seachas an píosa luaite agam. Nach trua nach cuimhnítear ar ceanródaithe mar í agus an beirt a bhunaigh Ois. N. Ultan. (Mé ag ceapadh go bhfuair me mo BCG istigh ansin ar Shráid Charlemont i mBÁC).

      Delete