14.3.17

Éist leis an gairdeas agus an t-áthas...


Tá cuid den bíobla go h-álainn. Go mór mór an filíocht atá ann. Cé gur aistriúcháin atá ann ón Eabhrais nó ón sean-Gréigis - nó aistriúcháin ó astriúcháin eile tá cuid den áileacht fós le feiscint ionta.

Agus an Carghas linn seo ceann a thatníonn liom.

Léirítear aithrí agus croíbhrú an pheacaigh ann. Deirtear go ndúirt Dáiví rí é nuair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do luí le Baitseaba, bean Uriah tár éis dó Uriah a chuir chun catha agus chuig bás cinnte!

Éist lena ghlór agus é ag guibhe, "Lig dom an gairdeas agus an t-áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú."

Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá:
cealaigh mo choir as iomad do thrua.

Nigh go huile mé ó mo chion,
agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.

Óir aithním mo chionta go maith
agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.

Is ortsa amháin a pheacaigh mé;
an ní is olc i do láthair a rinne mé.
Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith
agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

Ach féach gur rugadh faoi chion mé
agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.

Féach, is geal leat an croí dílis,
agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.

Croith orm hiosóip agus glanfar mé;
nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.

Lig dom an gairdeas agus an t-áthas a chloisteáil,
agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí
agus cealaigh mo chionta go léir.

Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia,
agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.

Ná díbir amach as do radharc mé
agus ná beir do naomhspiorad uaim.

Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe
agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.

Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide
agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.

Saor mé ó choir na fola,
a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,
agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.

A Thiarna, oscail mo bheola,
agus fógróidh mo bhéal do mholadh.

Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt
agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.

M’íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;
ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.

Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna,
ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.

Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta,
le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe:
ansin ofrálfar mairt chugat ar d’altóir.

Salm 50 (51)



No comments:

Post a Comment