18.12.17

Ise amuigh!



Ní minic a léim filíocht - ní minic faraoir a léim leabhair ar bith - cé gur maith liom filíocht. Tá píosaí vearsaíochta scríofa agam féin anois is aris, cuid acu roinnte agam ar an mblag seop fiú.

Áine is Joe Steve ag seoladh an leabhair 
Nuair a chuala mé go raibh an leabhair seo* á seoladh ag Cló Iar-Chonnacht ós rud é go raibh sé scríofa ag an blagadóir cáiliúil "Mise Áine!" bheartaigh mé dul ann le buaileadh le duine den na blagadórí is cáiliúla i measc na Gael! Bhuail mé léithí cupla uair cheanna ach bhí níos mó aithne agam uirthí go cibearach sa saol fíorúalach! Nach aisteach an rud é nuair a bhuaileann tú le duine ón idirlín don gcéad uair aghaidh ar aghaidh tá cineál cairdeas eadaraibh. (Bhuail mé le blagadóir (agus údar) eile ag an ocáid ceanna @RealtanNiL agus d'athnaíomar a chéile gan aon trioblóid!)

Ach an leabhair!

Tá sé léite agam agus tá na dánta an phearsnta do chuid is mó. I maith an tideal atá ar an leabhair "Mise Áine - An Bean Istigh" agus roineann sí mothucháin doimhin istg inti linn sa chnuasach. Nó ar bhealach ní roineann mar "Is strainsear Í, an Bhean istigh..." agus is dócha gur léiriú ar á cúardú atá sna dánta anseo...

"..Sea, cloisim í, an Bhean Istigh,
tá sí ann i bpreab mo chroí,
ag meabhrú dhom go bhfuil sí beo,
'gus ina beatha ... an mise Í?"

Chuir chuid de na dánta Johnny Chóill Mhadhc i gcuimhne go mó mór an dán Slí na Fírinne.

"Tá rialacha, a deirtear linn,
ar Bhealach Mór an tSaoil,
a chuideos linn ár bhfiacha a íoc,
sórt safety belt ón mBaol:

Ná déan marú is ná déan goid,
ná santaigh bean is ná santaigh a cuid,
ná hinis bréag ach tabhair onóir,
ná habair Dia ach amháin le glóir..."

Tá roinnt caointe istig anseo leis. Ceann amháin a chualamar cheanna i gcuimhne a deirfiúr, "Ciara na gruaige rua," a fuair bás go h-óg agus go traigóideach.

"Is brónach é an focal slán,
focal tiubh le mothúcháin,
ach tháinig míniú iomlán nua
nuair a chaill muid Ciara na Gruaige Rua."

Tá chuile rud istigh sa bhean líofa seo, bás, beatha, áileacht, brón agus síochán.  Leabhair snasta atá anseo, gearr agus éasca le léamh.

Faigh an leabhair seo agus léigh é!


*Mise Áine: An Bhean Istigh le Áine Durkin (Mise Áine), Cló Iar-Chonnacht  ISBN 978-178444-161-6

• Seo léirmheas ar "An Bean Istigh"  ó bhlagadóir eile - Aonghus Ó hAlmhain - nár léigh mé sular scríos an píosa thuas.

2 comments:

  1. Deas bualadh leat fhéin, arís, a dhuine uasail...agus go raibh céad míle maith agat as an léirmheas sin! Go raibh Nollaig Mhór Mhaith agat, a chara... 🎄

    ReplyDelete
    Replies
    1. Céad fáilte romhat a Áine. Bhaineas an taitneam as. Gach rath ort agus ar an gclann don Nollaig agus i rith 2018.

      Delete