31.3.19

Ionadh an Mathar!

Is annamh a éistim le chlár John Bowman Ar maidin agus a clog aistrithe chailleamar an aifreann luath agus bhí seans againn éisteacht le cláracha nach gnáthach linn (Clár spéisiúil Mháirín Ní Gadhra san áireamh!) Lá na Mathreacha a bhí ann agus bhí neart míreanna - cuid acu ag déanamh tagairt agus is doch i gcuimhne ar na Mathreacha a séanadh a matharachas ortha ag na húdarais idir chléir is tuath. Scéalta brónach agus scealta grá agus ionbhá chomh maith.

I lár an chláir léadh dán álainn (dár liomsa). Bé Michael Hartnett a léigh é (i mBéarla) ach is ó pheann an Phólainnaigh, Karol Wojtyla a tháinigh na focail. Bhí fhios agam go raibh bailiúchán dá chuid filíochta agam áit éigin*. Rinne mé cuardach agus fuair mé í. Tá mír iomlán faoin dtideal "An Máthair" ann agus ocht gcinn de dhánta ann.

Seo an dán a léadh ar maidin.


A hionadh lena haonmhac

Solas a phollas, de réir a chéile, imeachtaí laethúla;
súile mná, lamha
ina gcleachtadh ó aois na hóige.
Ansin las an ghile, as cuimse mór i gcomhair gnáthlaethanta,
agus fáisceadh láma nuair a chaill focail a n-áit.

Ar an mbaile beag sin, a mhic, áit ar aithníodh muid le chéile,
thugais 'a mhaime' orm; ach níor léir do aon neach beo
na tarluithe iontacha a thit amach lá i ddiaidh lae.
Ba é saol na mbocht do shaol-sa
agus fonn ort a bheith leo trí shaothar do lámh.

B'fheasach mé: an solas a d'fhan i nithe laethúla,
ar nós spré i bhfolach faoi chraiceann ár laethanta -
ba tusa an solas;
ní uaimse a tháinig.

Agus is mó díot-sa a bhí agam-sa sa gciúnas lonrach sin
ná a bhí agam díot mar thoradh mo cholainne, mo chuid fola.

Nach bhfuil sé go hálainn?

Níl dabht ar bith ach gur míorúilt de short éigin an ceangal atá ann idir máthair agus a naíonán. Ní féidir é a thuiscint ná ní féidir é a shéanadh. Mar sin nach deachair é an nós sin a bhí sna h-institiúidí úd an máthair a scaradh óna páiste ionas nach mbeadh an ceangal, an nasc nó an snaidhm nádúrtha eadthartha go deo seachas fáilte áthasach rompu beirt!

Go maithe Dia dúinn é!

* Dánta Eoin Pól II, aistrithe ag Ciarán Ó Coigligh, Coiscéim 2010



• Seans go mbeadh spéis agat sa píosa seo chomh maith! Machnaimh shagairt cheannaircigh léirithe? 

No comments:

Post a Comment