26.8.19

Brat na hÉireann, m'athair agus na hAuxies!

Bhí clár ar RTÉ 1 am lón ar an Sathrain faoi eachtra a thárla i rith cogadh na saoirse inar dúnmaraíodh bean óg in Oirthear na Gaillimhe. Bhí roinnt mhaith eolas faoi ach fós féin níl an scéal iomlán le fáil.

M'athair agus a dheirfiúr timpeall an ama sin!
Chuir sé ag smaoineamh dom ar scéalta a chualathas i mo chlann féin ag an am sin agus nach bhfuil mórán eolas agam faoi.

Bhí teach samhradh ag mo shean-mhuintir i Sean Chill Co Átha Cliath - ó thauidh ó Bhrí Chualainn. Tá fhios agam cá bhfuil an teach sin. Nuair a bhí mise óg deanadh Bairic na Ghardaí as an dteach céanna. Bhí cónaí acu i lár na cathrach (Cuinne Sr Prionsias & Sráid Thomáis) agus is cosúil go raibh nós acu dul amach go Sean Chill sa Samhradh.

Ar an lá áirithe seo bhí cineál fleadh nó céiliúradh de shaghas éigin agus bhí m'athair agus a dheirfiúr óg ann agus bhí brat beag na hÉireann acu. Tháinig lorraí lán de hAuxiliaries - rannán armtha de chuid an RIC bunaithe ag Winston Churchill i mí Iúl 1920 le "cabhair" do na póilíní. Ní h-ionann iad agus na Dúchrónaigh ach ní mór an difríocht eatartha i ndairíre.

An scéal a chualathas sa chlann ná gur stop siad a lorraí agus thógadar na páistí thár n-ais chuig an teach. Thastaigh siad na bratacha a thabhairt leo ach diúltaigh mo sheanmháthair dá n-iarratas. Agus ní raibh sí sásta eolas a thabhairt dóibh ar cad as a dtáinig na bratacha. D'imigh na saighdiúirí agus ní dhearnadar aon rud faoi.

Dérfainn go raibh m'thair timpeall 5 bliain d'aois agus a dheirfiúr thart ar dhá bhliain d'aois.

Níl aon eolas eile againn faoi!

• Seo scéal eile ón aimsir sin: Seanchas clainne agus Cogadh na gCarad.

No comments:

Post a Comment