11.8.19

Breathnaigh nó féach?

Bhíos ar aifrenn ar maidin! Is minic a théim ann agus go dtarlaíonn é gan mórán aird á thabhairt agam ar an míorúilt a thárlaíonn ag an mbórd ann faraoir. Agus is ró mhinic a léitear na ceachtanna, na sailm agus an soiscéal agus seanmóin athmhachnamhach as t-sagairt bhoicht agus ní hamháin nach smaoiním ortha níos déanaí ach ní féidir liom a rá tár éis dom an séipéal a fhágáil cad a dúirt sé nó cén ábhar a bhí sna léachtaí nó sna sailm.

Inniú bhí mé ag brionglóid agus na leachtaí á léamh nuair a chuala mé focail ón psalm á rá ag an léitheoir. Sa paróiste againne tá aistriú go teanga na ndaoina curtha ar na scrioptiúr agus mar sin tá blas Chonamara ar na píosaí a léití ag an aifreann. Mar sin tá difríochtí idir iad agus an aistriú oifigiúl nó caighdeánach.

Seo an píosa - is ó Salm 32 (nó 33 i mBioblaí eile) mar a léadh ar maidin é:

"Breathnaigh,
tá súile an Tiarna ortha siúd a bhfuil a eagla,
ortha siúd a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
agus fuadóidh sé a n-anam ón mbás, agus cothódh sé iad in am an ghorta."

B'é an focal "fuadóidh sé" a tharraing m'aird. Ní smaonóinn féin ar an focal sin a úsáid ach nach bhfuil sé go deas? Nach léiríonn sé an dóchas agus an lúcáir gur cóir a bheith i gcroí gach Críostaí?

Agus seo an aistriú oifigiúil den bpíosa céanna:

"Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás
is go gcothódh sé iad in am an ghorta." 

Go bunúsach tá an brí ceannann céanna ag an dá aistriú ach nach bhfuil an ceann a léadh inár Séipéal ar maidin níos dearfaí. Deireann ceann amháin go mbeidh Dia uilechumhachtach ag déanamh rud éigin chun rud éigin eile a dhéanamh. Sa ceann eile ach sa ceann a chuala mé ar maidin tá sé ag breathnú orainn agus tá sé chun muid a cothú nó a sabháil ón mbás. Agus nach bhfuil "Breathnaigh!" i bhfad níos deise na "Féach?"

Nach ait na rudaí a chuireann ag smaoineamh muid?

No comments:

Post a Comment