Ghlach mé an pictiúir seo agus rinne mé é a googláil. Tá me ag ceapadh anois gur glasán (Hipparchia semele) atá ann. Deirtear go mbíonn sé le fáil i ndeisceart na tíre agus i mBoirinn chontae an Chláir. Deirtear leis go mbíonn sé deachar go leor é a fheiscint mar tá na dathanna an-chosúil le cairrige. Deirtear nuair atá sé ag glacadh sos go gcoimeadann sé a chuid sciatháin go daingin le chéile ós a cionn (mar atá siad so pictiúir).
Ní raibh mé ró chinnte agus scríobh mé chuig Eithne Viney le cóip den bpictiúir agus cheap sise gur glasán a bhí ann chomh maith.
Cé nach bhfuil dáthanna ró gheal air cheapaim go bhfuil se dathúil mar fheithid ina bhealach féin.
• Féach chomh maith ar "Sos ar thaobh an bhóthar!" (11/8/2017)
No comments:
Post a Comment