Díbeartha ó Theach Laighean |
Ar ndóigh thárlaíonn rudaí mar sin inár dtír féin mar shampla colún Nelson nó Geogh i Páirc an Fhionnuisce roimhe sin. Tá an dealbh mór den mbanríonn Victoria a bhí i bplásóg Tí Laighean anois "ar íasacht" i Sydney na hAstráile.
Fear Victoria i dTeach Laighean |
Ní féidir aon drochghníomh a chuir ar neamhní. Tharla sé agus ní féidir é sin a scriosadh ón stair (nó ón gcuimhne?) mar sin.
Cad le deanamh? B'fhéidir gur ceart iad a bhailiú le chéile - tá mé ag ceapadh go bhfuil roinnt i nDaigheann, Contae Uíbh Fhailí. Ansin déan páirc dealbhadóireachta agus iad go léir ann - Gairdín na nGabhála b'fhéidir mar comóradh ní ar na daoine féin nó a gcuid tuairimí ach mar omós dóibh siúd a a bhí ag fulaingt faoina bpolasaithe iomrallacha. Tá gairdín cuimhneachán don gCogadh Mór ar bhruach na lífe agus d'fhéadfadh sé a bheith ansin.
Nach cuid dár stair iad nach ceart a dhiúltú?
N.B. Tá a leithéid mar shampla i mBudaipéist na Ungáire, an Szoborpark - Páirc na Dealbha
(Ungáiris/Iodáilis/Béarla) -
Buíochas le Aonghus Ó hAlmhain as an eolas sin a thabhairt dom!