24.4.21

Péindlithe?

Bhí alt sna nuachtáin le deanaí ag rá go raibh an cliarlathas le Rialtas na hÉireann a thabhairt chun na cúirte faoi Ionstraim Reachtúil (S.I. No. 171 of 2021) a bhí sínithe ag an tAire Sláinte.

Is cosúil go ndearna an tAire seirbhísí eaglasta (Aifreann sa áireamh) mar gníomhaíocht choiriúil. Níos deanaí bhí giolch láidir curtha ar líne ag Ardeaspag Ard Macha Éamon Martin, ag rá go raibh sé "foilsithe gan comhairliúchán," agus gur chuir sé mearbhall air agus ar an bpobal agus go raibh sé "neamhriachtanach maidir le adhradh poiblí" Ba léir go raibh fearg air go mór mór mar go raibh cruinniú aigea agus ag an trí Ard Easpaig in Éirinn leis an dTaoiseach agus nár luadh go raibh sé i gceist dlí adhradh poiblí a roghnú faoi "penal provision for the purposes of section 31A of the Act of 1947" (Ní docha go bhfuil an Ionstraim le fáil sa Teanga Náisiúnta ar ndóigh ach sin scéal eile).  

Nuair a léigh mé an nuacht sin chuir mé ar boithre na smaointe mé. Cheap mé go raibh deireadh le na péindlithe sa bhliain 1829. An uair deireannach a luadh Aifreann mar gníomhaíocht choiriúil bhí Liam Oráiste ina Rí ar Shasana nuiar a briseadh chonradh Luimní.

Suas go dtí an 12 Aibreán 2021 bhí moladh ón Rialtas gan teacht le chéile ar mhaithe le cúrsaí sláinte. Ó mo thaithí féin bhí na hEaglaisí thar a bheith go maith agus tá na heaglaisí agus séipéil folamh mar finné ar chomh maith is atá siad ag claí leis an moladh sin. Níor chuala mé ach cás amháin go raibh sagart  ag céiliúradh Aifreann go poiblí - agus tá mé ag ceapadh nach stopfadh dlí éigin ó Aire éigin é.

Mar sin is deachair a thuiscint cad a thárla idir Mí Márta 2020 nuair nach ach moladh ón Rialtas a bhí ann agus 12 Aibreáin 2021 go raibh gá le Ionstraim Reachtúil.

Nach mór an trua é?

No comments:

Post a Comment