3.8.21

Tragóid maidne!

Is maith liom mo chéad cupán cáife ar maidin.

I ndairíre is cineál ócáid dheasghnách é bricfeasta dom gach maidin.

Bím-se éirithe roimg gach éinne sa teacha agus ullmhíonn mé cáife ceart iodáileach dom féin. Bainim úsáid as gléas espresso (6 cuipáin) agus líonaim cupán mór - babhla i ndairíre - leis. Ansin déanaim an báinne a cúrú - tá treallmh againn chun é sin a dheanamh go huathoibríoch - agus doirteann ar an gcáife é.

Leath-chluais
Bíonn tósta - arán bán ar ndóigh - ullamhaithe agam cheanna. Agus tá nuachtáin an lae roimhe ós mo chomhair agus Nead na Fuiseoige ar siúl sa chúlra.

Agus tá mé ar mo sháimhín só...

Ach ar maidin loiteadh na deasgnáithe go tobann orm.

Bhí mé leath bhealach tré slisne tósta le sú oráiste air. Thóg mé suas an cupán lán chuig mo bheola nuair a bhris cluas an chupáin. Is beag ná gur báthadh mé agus chuile rud thár timpeall orm. Bhí an tádh liom nach raibh sé ró the - de gnáth níl cáife na hiodálaigh ró the (rud nach dtuigeann an cuid is mó de cáiféanna na hÉireann) agus ní raibh mé ró dhóite ach bhí orm mo chuid éadaí a athrú agus ar ndóigh an praiseach agus an trí-na-chéileachas ar an mbord agus ar an úrlár thár timpeall air.

Ach an rud is mó a chuir isteach orm na cailiúnt an chupáin mhóir cáife ar maidin mar b'shin an t-aon chupán mór a bhí fágtha sa teach... Cad a dheanaimíd feasta gan cupán mór....?

• Féach Deireadh Nós (28/2/2013) agus Ceiliúr éan agus espresso foirfe! (7/3/2016)

No comments:

Post a Comment