27.2.22

Píobaireacht ó Chill Dara!

Ó phrintíseach go máistir; taispeántas píobaireachta Joe Byrne ina dhuais fheiliúnach do scoláire tréitheach.

"Joe Byrne, Uilleann Piping from Co Kildare" foilsithe ag Na Píobairí Uilleann (NPU) (Béarla). Is í seo an cúigiú heisiúint in "Ace and Deuce of Piping", sraith thaifeadtaí NPU.

Tá taifead den scoth curtha ar fáil ag Joe Byrne, arb as Baile Átha Í i gContae Chill Dara dó, ina gcastar poirt chlasaiceacha ar dhóigh a tharraingíonn ar na máistrí móra píobaireachta, ach a bhfuil a stíl indibhidiúil, chríochnaithe ag baint léi.

Bhí Joe Byrne ar na chéad daltaí a thug faoi chosán foghlamtha ar chuir NPU agus Music Generation (Béarla) tús leis cúpla bliain ó shin nuair a chláraigh sé do ranganna píobaireachta Chontae Lú faoi stiúir Gay McKeon. Thosaigh sé ar dheis chleachtaidh a bhí ar iasacht aige trí scéim de chuid NPU, Píb ar Iasacht, atá maoinithe ag Scéim Chaipitil Music Network (Béarla). 

Ní hamháin gur seinnteoir ceannródaíoch anois é Joe, ach is déantóir giolcach cruthanta é chomh maith, agus cúrsa déantús píob críochnaithe aige in ionad traenála NPU, PipeCraft, atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis an gcúrsa ‘Ceoltóir’ i gColáiste Breisoideachais Bhaile Formaid.

Bíonn sé ag teagasc go minic le Music Generation agus leis Na Píobairí Uilleann, agus bíonn sé ag múineadh agus ag seinm go minic ag imeachtaí cheol traidisiúnta ar fud an domhain.

@Napiobairi @JoeByrneMusic @MusNetIrl #Ceol

No comments:

Post a Comment