Showing posts with label Naomh. Show all posts
Showing posts with label Naomh. Show all posts

17.11.18

Comharsa béal dorais!

Ein hiaith, ein gwlad, ein cenedl!

Is cuimhin liom go maith a chéad uair a thug mé cuairt ar an mBreatain Bheag. Is le dream daoine sa Réalt a bhí mé agus d'fhánamar i mbaile i lár na tíre, Machynlleth. Bhí eaglais de chuid Ord Na Slánaitheoraigh ann agus bhuaileamar leis an sagart a bhí i bhfeighil agus ní déanfidh mé dearmad go deo ar a dúirt sé linn, "The people here are incurably Welsh!" Ar ndóigh Sasanach a bhí ann!

Thóg mé leabhair amach le deanaí. Channaigh mé ag an am sin ach níor léigh mé go dtí anois é. Is leis an tAth. Pádraig Ó Fiannachta "Comharsa Choimhthíoch," leabhair bheag (80 llch nó mar sin) a foilsíogh ag FÁS i 1957 atá ann. Agus é ina shagart óg caith sé seal thoir sa tír sin agus seo cúntas anseo ar a fhoghlaim sé faoin náisiún agus muintir agus ar ndóigh a dteanga.

Tá cuir sos aige ar stair na tíre - an chuid de nach raibh ar eolas agam. Tá béim faoi leith aige ar chúrsaí chreidimh ar ndóigh agus ar na fáthanna nach ionann an creidimh atá acu ansin agus atá ag Sasana. Mar in Éirinn d'fhán an chos mhuintir dílis don sean chreidimh le linn aimsire an Athrú Chreidimh. Bhí líon mairtíreach ann mar againne. Tá duine amháin acu, Risteard Gwynn a maríodh i Wrecsam (15 Deireadh Fomhair 1584) le na focail "Iesu, trurarha wrthyf!" (A Íosa déan trócaire orm) ar a bhéal. Canónaíodh é ag an bPápa Pól VI sa bhlian 1970.

Ar chúiseanna éagsúla a mhníonn sé sa leabhair fágadh na gnáth daoine gan sagairt agus cé go raibh an Eaglais Gallda ann ó Shasana níor raibh ach Bearla acu san. Ní go dtí gur tháinigh na Neamhaontaigh agus na Módhaigh istig ann tháinig borradh chreidimh ann mar do labhair siad i dteanga na daoine agus rinneadar an Bíobla a aistriú. Mar sin scaip eolas ar léitheoireacht i mBreatnais i measc na daoine. Mar aon leis sin spreagadh amhránaíocht agus níos deanaí fás ar ghluaiseachtí eile culturtha. Mhair cuid de na sean nósanna chomh maith - Nosen Lawen (céilithe) agus penellion (Amhránaíochta speisialta dúchasach).

Tá béim ar leith aige ansin ar ath-fhás an Eaglais Caitliceach arís ann mar a bheithfeá ag súil. Bhí tabhacht nach mór ar na hÉireannaigh a tháing ann le hobair sna mianaigh. Thosaigh é seo aimsir an Ghorta Mór agus ina dhiaidh.

Sa caibideal deireannach "É seo agus é siúd!" tógann sé ar thuras ó Eryri (Snowdonia) & Yr Wyddfa, ó tuaidh, an sliabh is airde sa tíre thar timpeall an chósta ó dheas chomh fada le Caerdydd an príomh chathair agus soir uaidh.

Leabhair an spéisiúl é seo mar scríobhad é sular thosaigh an gluaiseacht láidir Scoile Bhreatanachta - ar a bhfuil na Gaelscoileanna in Éirinn bunaithe. Bhí an teanga faoi ionsaí, mar atá fós, agus mar sin bheadh spéis ag na Gael ann mar leabhair.

Ach thár rud ar bith eile tá an manadh "Ein hiaith, ein gwlad, ein cenedl!" le cloisint sna leathannaigh seo. (An teanga, an tír, an pobal!)

Cymru am byth!
Y Ddraig Goch

27.4.14

Ceathrar bPápaí!


Thárla rud éigin inniú san eaglais nár thárla riomh cheanna. D'aitheanm eaglais na Róimhe beirt Phápa mar naomh. Sé sin le rá rinnedh iad a liostú i nDialann Ginearálta na Róimhe (Béarla), nó an liosta oifigiúil de na naomh atá aitheanta go canónta ag an Eaglais. Ní h-amháin go raibh beirt Pápaí a chanónú ach bhí beirt Pápa i láthair ag an searmanas, an Pápa Prionsias agus a chomharba emeritus Benedict XVI a bhí i measc na heaspaigh chomh-chéiliúraithe ag an Aifreann.

Naomh Eoin XXIII a bhí mar Pápa ó 1958-1963. An Pápa Maith a tugadh air agus nuair a bhalaigh an 58 cairdinéal le chéile le comharba ar Pius XII a roghnú ní raibh fhios ag éinne cérbh é an seanfhear ramhair seo. Dúradh ansin gur feighlí a bheidh ann go dtí go mbeadh duine níos óige le feiscint ag a bhás. Ach ní mar sin a bhí. D'oscail sé fuinneoga na Vataicáine nuair a gair sé na heaspaigh go léir chuig an Róimh do Chomhairle Vataicáine II. (Bhí an chéad Comhairle sa Vatacáin in 1870 ach níor chríochnaigh sé sin a chuid gnó mar thárla aontú na hIodáile agus caith an céad cúig Pápa eile nar Priosúnaigh na Vatacáine go dtí Conradh Laterna 1929 faoi Pius XI a rinne stáit beag "Cathair na Vatacáine."). Níor éirigh leis críoch na comhairle a fheiscint mar fuair sé bás sa bhliain 1963. Ach bhí go leor déanta leis an Eaglais a athrú ach fágadh an obair ag a chomharba Pól VI a leanúint. Glaogh an Pápa Prionsias "Pápa a bhí oscailte don Spiorad Naomh!" ar Eoin XXIII mar ní raibh eagla ar bith air an rud réabhlóideach seo a dhéanamh.

Muide le Naomh!
Bhí aithne nach beag againne go léir ar Naomh Eoin Pól II mar b'é an chéad Pápa a thug cúairt ar Éirinn sa bhliain 1979. "Papa an teaghlaigh" a thug Prionsias air. Dúirt sé go raibh sé fábhrach gur thárla an searmanais seo sa bhliain áirithe seo mar tá an eaglais ag ullmhú do Sionad na Clainne sa bhFomhair. Is dócha go bhfaca níos mó daoine an naomh nua seo i rith a threimhse mar phápa ná a thárla d'aon Phápa eile, no b'fhéidir ná aon duine riamh - muid fhéin ina measc!

Tá an-chuid scríofa faoin lá seo. Seo ceann ó tráchtaire atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, Rocco Palmo, "Dhá naomh. Aon Eaglais, Aon Glao." (Béarla) gur fiú a léamh.

Bhí clár ar an mBBC faoi go luath ar maidin, (nach aisteach an rud é go mbíonn níos mó eolas le fáil faoi cúrsaí na hEaglaise Caitlichí ar an mBBC ná ar RTÉ?), agus luadh an rud is tabhachtaí faoin dá bPápa seo: Urnaí nó paidreoireacht. Ní cuimhin liom Eoin XXIII ró mhaith agus ag an am sin ní raibh na meán cumarsáide chom maith agus atá siad sa lá atá inniú ann.

Ach i gcás Eoin Pól bhí rud amháin a thug mé faoi ndeara aon am a chonaic mé ar an teilifís ag searmanais éigin. Is beag rud ná bhfaca sé ach anois is arís cheap mé go raibh an cuma air go raibh sé imithe chuig áit éigin eile. Tiochfaidh ciúnas agus suaimhneas ar aghaidh ar feadh neomad nó dhó agus ansin bhíodh sé thár n-ais inar measc. Is iomaí scéalta atá le fáil ar an mbealach a bhíodh sé ag guibhe. Is cuimhin liom píosa a scríobh an Cardinéal Leon-Josef Suenans, Beilgeach agus cara d'Éirinn, ina dírbheathaisnéis. "Bíonn sé ag guibhe lena choirp iomlán - tá sé ina ionchollú na -n-úrnaí - agus ag an am sin feachann sé i bhfad níos sine. Feacann sé go h-íseal, ag feachadh gearr don talamh; sa Séipéal Sistíneach, agus é ag guibhe an paidir bhuíochais, d'fhéach sé mar dhuine a thit i laige, agus cheap mé go raibh sé tinn. Ach chomh luath agus a éiríonn sé féacann sé íontach óg." (Souvenirs et Esperances1991)


Lá na gceathrar bpápaí!