Chuaigh mé isteach go Gaillimh ar an Luain. Thóg mé an bus - buíochas mór le Charlie as an saor-thaisteal!
Bhí an lá go h-álainn. Bhí na nuachtáin agus cláracha nuachta ar an raidío ag caint faoin léimt mór a bhí tógtha ag muintir na hÉireann ar an Aoine.
Ag dul tre Bhóthar na Trá thug mé faoi deara sean ostán atá an mar áit chónaithe dóibh siúd nárbh fhéidir leo maireachtáil ina dtír féin. Tá se ann le fada go bhfios dom agus tá taighlaigh ina chónaí ann le fada ag feitheamh ar chomhbhá uainne - leis na blianta ar uairibh.
Stop an bus in aice leis an bPóirse Chaoch agus shiúil mé thuas Sráid na Céibhe i dtreó lár na cathrach agus bhí carn beag plúide ar thaobh na sráide. Nó b'fhéidir gur ceart dom dumhach a thabhairt air. Is cosúil gur chaith duine éigin an oíce ina codladh ann.
Nach mór an t-athrú atá tagtha ar Éirinn ón seachtain seo caite?
Showing posts with label Reifreann. Show all posts

29.5.18
9.5.18
Aisghairm agus athrú!
Athrú bhunreachta agus ní aisghairm amháin!
Nuair a chinn mé ar seo a scríobh cheap mé nár scríobh mé ar an ábhar seo ach uair amháin. Ach ní mar a shiltear bítear. Is cosúil gur chuir mé mo chuid smaointe síos, ar seo nó ar chásanna cosúil leis, cúig n-uaire go dtí seo. Mar sin ní bheidh sé seo an-fhada.
Tá na reifreann atá ós ár gcomhair á bplé in an-chuid áiteanna. Ní mór dúinn na focail a scrudú go mionn sular gcaitheann muid, táid le fáil ar shuíomh an Choimisiún Reifrinn. Tá dhá fhocail nach bhfuil i dtideal na ceiste atá ós ár gcomhair. Níl an focal "Aisghairm" (Repeal) nó an focal "Ginmhilleadh" ann. (Táid ann, mé fhéin ina measc, a cheapann nach ionann an focal "Ginmhilleadh" agus an focal "Abortion" an Bhéarla.)
"Reifreann i ndáil le foirceannadh toirchis a rialáil!" atá ar an Reifreann. Deireann siad: "Ar an Aoine, 25 Bealtaine 2018, iarrfar ort vóta a chaitheamh ar thogra chun Bunreacht na hÉireann a athrú. Baineann an t-athrú beartaithe ar an mBunreacht le foirceannadh toirchis a rialáil."
Ní dóigh liom féin gur comhair "Aisghairm" a thabhairt ar seo. Cinnte tá aisghhairm i gceist ach mar aon le sin tá muid ag vótáil le alt nua a chuir ina áit.
Arís deireann an Coimisiún: "Ar an 25 Bealtaine 2018, iarrfar ort cibé acu atá nó nach bhfuil tú ag iarraidh Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht mar atá faoi láthair a scriosadh agus Airteagal nua a chur ina áit."
Seo na focail atá i gceist:
Sílim fhéin gur cineál athluaiteachas é na focail nua. Is cosúil go ndúirt na cúirteanna nach bhfuil ceart bunreachtúil ag an "beo gan bhreith" seachas an ceart atá in Alt 40.3.3 mar atá sé. Mar sin má scriostar an alt sin (40.3.3) feadfaí an dlí maidir le foirceannadh toirchis a rialáil ag an Oireachtas. Mar aon leis sin níl srian ar bith luaite san alt nua ar "foirceannadh toirchis!"
Ós rud é nach mbeidh cearta bunreachtúil fágtha ag an "mbeo gan bhreith" ní féidir liom go coinsiasach vótáil ar son an athrú seo. Tá gá le sainmhiniú bunreachtúil ar cad is duine ann agus cad is "Abortion" sa chásanna seo. Níl mé cinnte gur ginmhilleadh é gach "abortion!"
Tá fhios agam nach n-aontaíonn an chuid liom ach tá mé cinnte go bhfuil siad ag cíor agus a cúiteamh agus cuir faoi chaibidil ina n-intinn féin.
Bhí giota beag nuachtlitir sa pharóiste s'againne faoin reifreann agus sílim gur ardmhian maith atá ann. "Go raibh grá Dé ionainn agus muid ag déanamh macnamh ar agus cinneadh faoin Reifrinn."

Lipéid
Bunreacht,
Dlí,
Ginmhilleadh,
Polataíocht,
Reifreann,
Sláinte
11.11.12
Muic ag eitilt?
Dúradh ar RTÉ ar maidin go mbeadh sabháilt de leath milliún Euro tré tosú ar vótáil sa Reifreann ag a naoi ar maidin. Is maith an rud é sin.
Ní deirtear linn cé tá chun an €1.1m a caith an Rialtas go mí dleathach a íoch thár n-ais chuig poball na tíre. Cé go raibh roinnt a cheap go raibh sé mídleathach an labhrán agus suíomh a fhoilsiú ag aon Ranna Rialtas ar an ábhar, go mór mór nuair atá Comisiúin dleathach ag obair ar an obair céanna agus a cosnaíonn níos mó na €1m chomh maith.
Rinne an Cúirt Uachtarach breithiúnas ar an gcás (Béarla) ar an nDaoirdaoin agus bhí ar an Rialtas an suíomh idirlíon a dhúnadh. Níorbh fhéidir leo aon rud a dhéanamh faoin labhrán claonta nó faoin mbutún atá ar leathannach naoi den labhrann (Leath 8 sa leagan Bearla) nó faoi na fógraí aontaobhach a bhí sna nuachtáin.
Beidh an breithiúntas iomlán á fhoilsiú ag an gCúirt ar ball agus ansin feicfidh muid cé tá chun an aisíoch a dhéanamh, nó mar a dúirt duine éigin ar twitter "pigs might fly!"
Is cinnte áfach go chuir cinneadh na Cúirte isteach ar an méid daoine a bhí sásta teacht amach le vótáil.
![]() |
| Dleathach |
![]() |
| Mídleathach |
Beidh an breithiúntas iomlán á fhoilsiú ag an gCúirt ar ball agus ansin feicfidh muid cé tá chun an aisíoch a dhéanamh, nó mar a dúirt duine éigin ar twitter "pigs might fly!"
Is cinnte áfach go chuir cinneadh na Cúirte isteach ar an méid daoine a bhí sásta teacht amach le vótáil.
Subscribe to:
Posts (Atom)